+Airteagal 12 Modheolaíocht
---+Airteagal 12 1.
---+Airteagal 12 2.
---+Airteagal 12 3.
---+Airteagal 12 4.
|
Airteagal 12 Modheolaíocht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1.
|
Bainfidh riarthóir úsáid as modheolaíocht chun tagarmharc a chinneadh, ar fíor an méid seo a leanas i leith na modheolaíochta:
(a)
tá sí láidir agus iontaofa;
(b)
tá rialacha soiléire aici lena sainaithneofar conas agus cathain is féidir lánrogha a fheidhmiú agus an tagarmharc sin á chinneadh;
(c)
tá sí dian, leanúnach agus inbhailíochtaithe lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, trí iarthástáil a dhéanamh i gcoinne sonraí idirbhirt atá ar fáil;
(d)
tá sí athléimneach agus áirithíonn sí gur féidir an tagarmharc a ríomh sa mhéid is leithne imthosca agus is féidir, gan cur isteach ar a shláine;
(e)
tá sé inrianaithe agus infhíoraithe.
|
|
Airteagal 12 2.
|
Nuair a bheidh an mhodheolaíocht tagarmhairc á forbairt, déanfaidh riarthóir tagarmhairc an méid seo a leanas:
(a)
cuirfidh sé tosca éagsúla san áireamh lena n-áirítear méid agus gnáth-leachtacht an mhargaidh, trédhearcacht na trádála agus suímh rannpháirtithe sa mhargadh, comhchruinniú margaidh, dinimic an mhargaidh, agus leormhaitheas aon sampla chun léiriú a thabhairt ar an margadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch a bhfuil sé beartaithe é a thomhas leis an tagarmharc;
(b)
cinneadh i dtaobh cad is margadh gníomhach ann chun críocha an tagarmhairc sin; agus
(c)
an tosaíocht a thabhartar do chineálacha éagsúla sonraí ionchuir a bhunú.
|
|
Airteagal 12 3.
|
Beidh socruithe foilsithe soiléire i bhfeidhm ag riarthóir ina sainaithnítear na himthosca ina dtiteann cainníocht nó cáilíocht na sonraí ionchuir faoi bhun na gcaighdeán a theastaíonn ionas go mbeidh an mhodheolaíocht in ann an tagarmharc a chinneadh go cruinn agus go hiontaofa, agus a shainíonn i dtaobh an ríomhtar an tagarmharc agus conas a ríomhtar é in imthosca den sórt sin.
|
|
Airteagal 12 4.
|
Forbróidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na coinníollacha a shonrú le háirithiú go gcomhlíonann an mhodheolaíocht dá dtagraítear i mír 1 pointí (a) go (e) den mhír sin. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Deireadh Fómhair 2020. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|