+Airteagal 16 Ceanglais rialachais agus rialuithe do rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.

Airteagal 16 Ceanglais rialachais agus rialuithe do rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 16 1.

Beidh feidhm ag na ceanglais rialachais agus rialaithe seo a leanas maidir le rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht:

(a) 

áiritheoidh an rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht nach mbeidh tionchar ag coinbhleacht leasa, atá ann cheana ná ceann féideartha, ar sholáthar sonraí ionchuir, agus má tá lánrogha de dhíth, go bhfeidhmeofar í sin go neamhspleách agus go hionraic bunaithe ar fhaisnéis ábhartha i gcomhréir leis an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15;

(b) 

beidh creat rialaithe i bhfeidhm ag an rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht lena ndéanfar sláine, cruinneas agus iontaofacht na sonraí ionchuir a áirithiú agus lena ndéantar na sonraí ionchuir a sholáthar i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15.

Airteagal 16 2.

Beidh córais agus rialuithe éifeachtacha i bhfeidhm ag rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht chun sláine agus iontaofacht na sonraí ionchuir uile a thugtar don riarthóir a áirithiú, lena n-áirítear:

(a) 

rialuithe a bhaineann leis na daoine a fhéadfaidh sonraí ionchuir a chur faoi bhráid riarthóra, lena n-áirítear, má tá sé sin comhréireach, próiseas chun deis a thabhairt do dhuine nádúrtha a bhfuil post níos sinsearaí aige nó aici ná an ceann atá ag an aighnitheoir síniú;

(b) 

oiliúint iomchuí d'aighnitheoirí, lena gcumhdófar, ar a laghad, an Rialachán seo agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014;

(c) 

bearta maidir le coinbhleachtaí leasa a bhainistiú, lena n-áirítear fostaithe a scaradh go heagraíochtúil i gcás inarb iomchuí agus cinneadh maidir le conas deireadh a chur le dreasachtaí, ar dreasachtaí iad a cruthaíodh le beartais luacha saothair, chun clúbláil a dhéanamh ar thagarmharc;

(d) 

taifead a choimeád, ar feadh tréimhse iomchuí ama, ar chumarsáid i ndáil le soláthar sonraí ionchuir, ar an bhfaisnéis go léir a úsáidtear chun a chumasú don rannchuiditheoir gach aighneacht a dhéanamh, agus ar gach coinbhleacht reatha nó féideartha lena n-áirítear neamhchosaint an rannchuiditheora ar ionstraimí airgeadais a úsáideann tagarmharc mar thagairt, ach gan a bheith teoranta don méid sin;

(e) 

taifead a choimeád ar iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha.

Airteagal 16 3.
I gcás ina mbraithfidh sonraí iompair ar bhreithiúnas saineolach, bunóidh rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht beartais, sa bhreis ar na córais agus na rialuithe dá dtagraítear i mír 2, beartas a threoróidh úsáid breithiúnais nó feidhmiú lánrogha agus coimeádfaidh siad taifid den réasúnaíocht a bhaineann le breithiúnas nó rogha den sórt sin. Más comhréireach é, cuirfidh rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht cineál an tagarmhairc agus sonraí ionchuir an tagarmhairc san áireamh.
Airteagal 16 4.
Rachaidh rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht i gcomhar go hiomlán leis an riarthóir agus leis an údarás inniúil ábhartha san iniúchadh agus i maoirsiú soláthair tagarmhairc agus cuirfidh sé an fhaisnéis agus na taifid arna gcoimeád ar fáil i gcomhréir le mír 2 agus le mír 3.
Airteagal 16 5.
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na ceanglais a bhaineann le rialachas, córais agus rialuithe agus beartais a leagtar amach i mír 1, i mír 2 agus i mír 3 a shonrú tuilleadh.

Cuirfidh ÚEUM saintréithe éagsúla tagarmharcanna agus rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht san áireamh, go háirithe ó thaobh difríochtaí sna sonraí ionchuir a chuirtear ar fáil agus sna modheolaíochtaí a úsáidtear, na rioscaí i ndáil le cúbláil a dhéanamh ar na sonraí ionchuir agus cineál na ngníomhaíochtaí a dhéanann na rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht, agus na forbairtí i dtagarmharcanna agus i margaí airgeadais i bhfianaise cóineasú idirnáisiúnta ar chleachtas maoirseachta i ndáil le tagarmharcanna. ►M6  ————— ◄

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.

Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.