+Airteagal 19a Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras
---+Airteagal 19a 1.
---+Airteagal 19a 2.
---+Airteagal 19a 3.
---+Airteagal 19a 4.
---+Airteagal 19a 5.

Airteagal 19a Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 19a 1.
Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn III maidir le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a sholáthar, agus maidir le rannchuidiú leo, sa bhreis ar na ceanglais i dTeidil II, III agus IV.
Airteagal 19a 2.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin íosta le haghaidh Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a leagan síos chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

na critéir maidir leis na sócmhainní foluiteacha a roghnú, lena n‐áirítear, i gcás inarb infheidhme, aon chritéar maidir le sócmhainní a eisiamh;

(b) 

na critéir agus an modh chun na sócmhainní foluiteacha sa tagarmharc a ualú;

(c) 

an conair dhícharbónaithe le haghaidh Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE a chinneadh.

Airteagal 19a 3.
Déanfaidh riarthóirí tagarmhairc a sholáthraíonn Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, an Rialachán seo a chomhlíonadh faoin 30 Aibreán 2020.
Airteagal 19a 4.

Ní dhéanfaidh riarthóirí nach n-áirítear sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 an méid seo a leanas:

(a) 

tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a sholáthar nó a fhormhuiniú;

(b) 

a léiriú nó a thabhairt le fios, in ainm na dtagarmharcanna a chuireann siad ar fáil lena n-úsáid san Aontas nó sa doiciméadacht dhlíthiúil nó mhargaíochta le haghaidh na dtagarmharcanna sin, go gcomhlíonann na tagarmharcanna a chuireann siad ar fáil na ceanglais is infheidhme maidir le soláthar Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras.

Airteagal 19a 5.
Cuirfidh riarthóirí an t-acrainm “CTB” in ainm Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus an t-acrainm “PAB” in ainm Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.