|
+Airteagal 20 6. |
Airteagal 20 6.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
a shonrú conas a dhéanfar méid ainmniúil ionstraimí airgeadais, seachas díorthaigh, méid barúlach díorthach agus glanluach sócmhainní cistí infheistíochta a mheasúnú, lena n-áirítear i gcás tagairt indíreach do thagarmharc laistigh de theaglaim de thagarmharcanna, chun iad a chur i gcomparáid leis na tairseacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus i bpointe (a) d'Airteagal 24(1);
(b)
athbhreithniú a dhéanamh ar an modh ríofa a úsáidtear chun na tairseacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chinneadh i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus i bpraghsanna agus i bhfianaise forbairtí rialála chomh maith le hoiriúnacht aicmiú tagarmharcanna ag a bhfuil luach iomlán ionstraimí airgeadais, conarthaí airgeadais, nó cistí infheistíochta a dhéanann tagairt dóibh atá gar do na tairseacha; tarlóidh athbhreithniú den sórt sin gach dhá bhliain ar a laghad amhail ón 1 Eanáir 2018;
(c)
a shonrú conas na critéir dá dtagraítear i bpointe (c)(iii) de mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, agus aon sonraí lena ligtear measúnú a dhéanamh ar fhorais oibiachtúla ar thionchar féidearthach neamhleanúnachas nó neamhiontaofacht an tagarmhairc ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar nó ar mhaoiniú teaghlach nó gnóthas i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit á chur san áireamh. I gcás inarb infheidhme, cuirfidh an Coimisiún san áireamh forbairtí ábhartha margaidh nó teicneolaíochta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|