+Airteagal 25 Díolúintí ó cheanglais shonracha le haghaidh tagarmharcanna suntasacha
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.
---+Airteagal 25 5.
---+Airteagal 25 6.
---+Airteagal 25 7.
---+Airteagal 25 8.
---+Airteagal 25 9.
---+Airteagal 25 10.
|
Airteagal 25 Díolúintí ó cheanglais shonracha le haghaidh tagarmharcanna suntasacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 25 1.
|
Féadfaidh riarthóir tagarmhairc shuntasaigh a roghnú gan Airteagal 4(2), pointe (c), pointe (d) agus pointe (e) d'Airteagal 4(7), pointe (b) d'Airteagal 11(3) nó Airteagal 15(2) a chur i bhfeidhm maidir lena thagarmharcanna suntasacha más rud é go measann an riarthóir go mbeadh cur i bhfeidhm ceann amháin nó níos mó de na forálacha sin neamhréireach, agus cineál nó tionchar an tagarmhairc nó méid an riarthóra á gcur san áireamh.
|
|
Airteagal 25 2.
|
I gcás ina roghnaíonn riarthóir gan ceann amháin nó níos mó de na forálacha dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm, tabharfaidh sé fógra láithreach don údarás inniúil agus soláthróidh sé dó an fhaisnéis ábhartha go léir lena ndeimhnítear measúnú an riarthóra go mbeadh feidhmiú ceann amháin nó níos mó de na forálacha sin neamhréireach, agus cineál nó tionchar na dtagarmharcanna nó méid an riarthóra á gcur san áireamh.
|
|
Airteagal 25 3.
|
Féadfaidh údarás inniúil a chinneadh go ndéanfaidh riarthóir tagarmhairc shuntasaigh ceann amháin nó níos mó de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 4(2), i bpointe (c), i bpointe (d) agus i bpointe (e) d'Airteagal 4(7), i bpointe (b) d'Airteagal 11(3) agus in Airteagal 15(2) a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin féin más rud é go measann sé go mbeadh an méid sin iomchuí, agus cineál nó tionchar na dtagarmharcanna nó méid an riarthóra á gcur san áireamh. Déanfaidh an t-údarás inniúil ina mheasúnú, bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh soláthraithe ag an riarthóir, na critéir seo a leanas a chur san áireamh:
(a)
leochaileacht an tagarmhairc ó thaobh cúblála de;
(b)
cineál na sonraí ionchuir;
(c)
an leibhéal de choinbhleachtaí leasa;
(d)
leibhéal de lánrogha atá ag an riarthóir;
(e)
tionchar an tagarmhairc ar na margaí;
(f)
cineál, scála agus castacht sholáthar an tagarmhairc;
(g)
tábhacht an tagarmhairc don chobhsaíocht airgeadais;
(h)
luach na n-ionstraimí airgeadais, na gconarthaí airgeadais nó na gcistí infheistíochta a dhéanann tagairt don tagarmharc;
(i)
méid, foirm eagraíochtúil nó struchtúr an riarthóra.
|
|
Airteagal 25 4.
|
Laistigh de 30 lá ó fhógra a fháil ó riarthóir faoi mhír 2, déanfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh maidir le ceanglas breise a chur i bhfeidhm de bhun mhír 3 a fhógairt don riarthóir sin. I gcás ina ndéantar an fógra don údarás inniúil le linn nós imeachta údaraithe nó cláraithe, beidh feidhm ag na sprioc-amanna a leagtar amach in Airteagal 34.
|
|
Airteagal 25 5.
|
Agus a chuid cumhachtaí maoirseachta á bhfeidhmiú ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 41, déanfaidh an t-údarás inniúil athbhreithniú rialta féachaint an bhfuil a mheasúnú de bhun mhír 3 den Airteagal seo fós bailí.
|
|
Airteagal 25 6.
|
Má fhaigheann údarás inniúil, ar fhorais réasúnacha, go bhfuil an fhaisnéis a cuireadh faoina bhráid de bhun mhír 2 den Airteagal seo neamhiomlán nó go bhfuil gá le faisnéis fhorlíontach, ní bheidh feidhm ag an teorainn ama 30 lá dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo ach amháin ón dáta ar a ndéanfaidh an riathróir an fhaisnéis chomhlántach sin a sholáthar, mura rud é go bhfuil feidhm ag na sprioc-amanna in Airteagal 34 de bhun mhír 4 den Airteagal seo,
|
|
Airteagal 25 7.
|
Más rud é nach ndéanann riarthóir tagarmhairc shuntasaigh ceann amháin nó níos mó de na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 4(2), i bpointe (c), i bpointe (d) agus i bpointe (e) d'Airteagal 4(7), i bpointe (b) d'Airteagal 11(3) agus in Airteagal 15(2) a chomhlíonadh, foilseoidh sé agus coimeádfaidh sé ráiteas comhlíontachta ina luaitear go soiléir an chúis gurb iomchuí don riarthóir sin gan na forálacha sin a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 25 8.
|
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun teimpléad don ráiteas comhlíontachta dá dtagraítear i mír 7 a fhorbairt. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017. Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 25 9.
|
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na critéir dá dtagraítear i mír 3 a shonrú tuilleadh. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 25 10.
|
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le tagarmharcanna tráchtearraí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|