+Airteagal 30 2.

Airteagal 30 2.

Féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear go ndéanann creat dlí agus cleachtas maoirseachta de chuid tríú tír an méid seo a leanas a áirithiú:

(a) 

go gcomhlíonann riarthóirí atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin ceanglais cheangailteacha atá coibhéiseach leis na ceanglais faoin Rialachán seo, ag cur san áireamh, go háirithe, más rud é go n-áirithítear le creat dlí agus cleachtas maoirseachta de chuid tríú tír go gcomhlíontar prionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó, i gcás inarb infheidhme, prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna; agus

(b) 

go bhfuil na ceanglais cheangailteacha faoi réir maoirseacht éifeachtach agus forfheidhmú éifeachtach ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin.

Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an chinnidh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír seo a chur faoi réir comhlíonadh éifeachtach aon choinníoll ag an tríú tír sin ar bhonn leanúnach, i.e. aon choinníoll a leagadh amach sa chinneadh cur chun feidhme sin, agus lena mbaineann an aidhm caighdeáin faireacháin agus rialála choibhéiseacha a áirithiú, agus faoi réir chumas ÚEUM a fhreagrachtaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a fheidhmiú go héifeachtach.

Déanfar cinneadh cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.