+Airteagal 30 Coibhéis
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
---+Airteagal 30 2a.
---+Airteagal 30 3.
---+Airteagal 30 3a.
---+Airteagal 30 4.
---+Airteagal 30 5.
|
Airteagal 30 Coibhéis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 30 1.
|
Ionas go bhféadfaidh tagarmharc nó teaglaim de thagarmharcanna a sholáthraíonn riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír a úsáid san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 29(1), cuirfear an tagarmharc agus an riarthóir ar áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36. Comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas chun go bhféadfar iad a chur ar áireamh sa chlár:
(a)
glacann an Coimisiún cinneadh coibhéise i gcomhréir le mír 2 nó le mír 3 den Airteagal seo;
(b)
tá an riarthóir údaraithe nó cláraithe sa tríú tír i dtrácht, agus faoi réir maoirseacht inti;
(c)
tugann an riarthóir fógra d'ÚEUM go dtoilíonn sé go bhféadfaidh eintitis faoi mhaoirseacht a thagarmharcanna iarbhír nó ionchasacha a úsáid san Aontas, chomh maith le liosta na dtagarmharcanna a bhfuil toiliú tugtha acu ina leith a úsáid san Aontas agus an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht air sa tríú tír; agus
(d)
tá na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo i mbun oibríochta.
|
|
Airteagal 30 2.
|
Féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear go ndéanann creat dlí agus cleachtas maoirseachta de chuid tríú tír an méid seo a leanas a áirithiú:
(a)
go gcomhlíonann riarthóirí atá údaraithe nó cláraithe sa tríú tír sin ceanglais cheangailteacha atá coibhéiseach leis na ceanglais faoin Rialachán seo, ag cur san áireamh, go háirithe, más rud é go n-áirithítear le creat dlí agus cleachtas maoirseachta de chuid tríú tír go gcomhlíontar prionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó, i gcás inarb infheidhme, prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna; agus
(b)
go bhfuil na ceanglais cheangailteacha faoi réir maoirseacht éifeachtach agus forfheidhmú éifeachtach ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin.
Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an chinnidh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír seo a chur faoi réir comhlíonadh éifeachtach aon choinníoll ag an tríú tír sin ar bhonn leanúnach, i.e. aon choinníoll a leagadh amach sa chinneadh cur chun feidhme sin, agus lena mbaineann an aidhm caighdeáin faireacháin agus rialála choibhéiseacha a áirithiú, agus faoi réir chumas ÚEUM a fhreagrachtaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a fheidhmiú go héifeachtach. Déanfar cinneadh cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2).
|
|
Airteagal 30 2a.
|
Féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun na coinníollacha dá dtagraítear in bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo a shonrú.
|
|
Airteagal 30 3.
|
Mar rogha air sin, féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh á rá:
(a)
go bhfuil ceanglais cheangailteacha i dtríú tír i ndáil le riarthóirí sonracha nó tagarmharcanna sonracha nó finí sonracha tagarmharcanna coibhéiseach leis na ceanglais faoin Rialachán seo, ag cur san áireamh, go háirithe, más rud é go n-áirithítear le creat dlí agus cleachtas maoirseachta de chuid tríú tír go gcomhlíontar prionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó, i gcás inarb infheidhme, go gcomhlíontar prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna; agus
(b)
go bhfuil na riarthóirí sonracha sin nó na tagarmharcanna sonracha nó na finí sonracha tagarmharcanna faoi réir maoirseacht éifeachtach agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin.
Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an chinnidh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur faoi réir comhlíonadh éifeachtach aon choinníoll ag an tríú tír sin ar bhonn leanúnach, i.e. aon choinníoll a leagadh amach sa chinneadh cur chun feidhme sin, agus lena mbaineann an aidhm caighdeáin faireacháin agus rialála choibhéiseacha a áirithiú, agus faoi réir chumas ÚEUM a fhreagrachtaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a fheidhmiú go héifeachtach. Déanfar cinnead cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2).
|
|
Airteagal 30 3a.
|
Féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo a shonrú.
|
|
Airteagal 30 4.
|
Bunóidh ÚEUM socruithe comhair le húdaráis inniúla tríú tíortha a sainaithnítear go bhfuil a gcreat dlí agus a gcleachtais mhaoirseachta coibhéiseach i gcomhréir le mír 2 nó mír 3 den Airteagal seo. Agus na socruithe sin á mbunú aige, déanfaidh ÚEUM, i gcomhréir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 9 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
16
), a thabhairt san áireamh cé acu an bhfuil nó nach bhfuil tríú tír ar liosta na ndlínsí a bhfuil easnaimh straitéiseacha acu ina gcóras náisiúnta frithsciúrtha airgid agus ina gcóras le haghaidh an chomhraic i gcoinne maoiniú sceimhlitheoireachta ar bagairt shuntasach iad ar chóras airgeadais an Aontais. Sonrófar leis na socruithe sin an méid seo a leanas, ar a laghad:
▼B
(a)
an sásra don mhalartú faisnéise idir ÚEUM agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, lena n-áirítear rochtain ar gach faisnéis ábhartha a iarrann ÚEUM faoin riarthóir atá údaraithe sa tríú tír sin;
(b)
an sásra chun fógra pras a thabhairt d'ÚEUM má mheasann údarás inniúil tríú tír go bhfuil an riarthóir údaraithe atá faoi mhaoirseacht aige sa tríú tír sin ag sárú coinníollacha a údaraithe nó reachtaíocht náisiúnta eile sa tríú tír;
(c)
na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta, lena n-áirítear, cigireachtaí ar an láthair.
|
|
Airteagal 30 5.
|
Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun íosmhéid na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 4 a chinneadh chun a áirithiú go mbeidh ar chumas údaráis inniúla agus ÚEUM a gcumhachtaí maoirseachta go léir a fheidhmiú faoin Rialachán seo: Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|