|
+Airteagal 30 3. |
Airteagal 30 3.Mar rogha air sin, féadfaidh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh á rá:
(a)
go bhfuil ceanglais cheangailteacha i dtríú tír i ndáil le riarthóirí sonracha nó tagarmharcanna sonracha nó finí sonracha tagarmharcanna coibhéiseach leis na ceanglais faoin Rialachán seo, ag cur san áireamh, go háirithe, más rud é go n-áirithítear le creat dlí agus cleachtas maoirseachta de chuid tríú tír go gcomhlíontar prionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó, i gcás inarb infheidhme, go gcomhlíontar prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna; agus
(b)
go bhfuil na riarthóirí sonracha sin nó na tagarmharcanna sonracha nó na finí sonracha tagarmharcanna faoi réir maoirseacht éifeachtach agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach sa tríú tír sin. Féadfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an chinnidh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur faoi réir comhlíonadh éifeachtach aon choinníoll ag an tríú tír sin ar bhonn leanúnach, i.e. aon choinníoll a leagadh amach sa chinneadh cur chun feidhme sin, agus lena mbaineann an aidhm caighdeáin faireacháin agus rialála choibhéiseacha a áirithiú, agus faoi réir chumas ÚEUM a fhreagrachtaí faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a fheidhmiú go héifeachtach. Déanfar cinnead cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|