+Airteagal 36 Clár riarthóirí agus tagarmharcanna
---+Airteagal 36 1.
---+Airteagal 36 2.

Airteagal 36 Clár riarthóirí agus tagarmharcanna

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 36 1.

Bunóidh agus cothabhálfaidh ÚEUM clár poiblí ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:

▼M6

(a) 

céannachtaí, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI), na riarthóirí atá údaraithe nó cláraithe de bhun Airteagal 34 agus na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh orthu;

(b) 

céannachtaí na riarthóirí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 30(1), lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na riarthóirí sin, an liosta de thagarmharcanna dá dtagraítear in Airteagal 30(1), pointe (c), lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISINanna) na dtagarmharcanna sin, agus na húdaráis inniúla tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh orthu;

(c) 

céannachtaí na riarthóirí a fuair aitheantas i gcomhréir le hAirteagal 32, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na riarthóirí sin, an liosta de thagarmharcanna, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin, arna soláthar ag na riarthóirí sin a fhéadfar a úsáid san Aontas agus, i gcás inarb infheidhme, na húdaráis inniúla tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh orthu;

(d) 

na tagarmharcanna, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin, atá formhuinithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 33, céannachtaí riarthóirí na dtagarmharcanna sin, agus céannachtaí na riarthóirí formhuiniúcháin, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na riarthóirí formhuiniúcháin sin;

▼M6

(e) 

na tagarmharcanna, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin, atá faoi réir ráiteas arna fhoilsiú ag ÚEUM nó ag údarás inniúil de bhun Airteagal 24(2), agus hipearnaisc chuig na ráitis sin;

(f) 

na tagarmharcanna, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin, atá faoi réir ainmnithe ag údaráis inniúla a dtugtar fógra fúthu do ÚEUM de bhun Airteagal 24(3) nó (7), agus hipearnaisc chuig na hainmnithe sin;

(g) 

na tagarmharcanna, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin, atá faoi réir ainmnithe ag ÚEUM, agus hipearnaisc chuig na hainmnithe sin;

(h) 

na tagarmharcanna, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin, atá faoi réir fógraí poiblí arna n-eisiúint ag ÚEUM agus ag údaráis inniúla de bhun Airteagal 24a(6), agus na hipearnaisc chuig na fógraí poiblí sin;

(i) 

an liosta de Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin, atá ar fáil lena n-úsáid san Aontas;

(j) 

an liosta de thagarmharcanna criticiúla, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin;

(k) 

an liosta de thagarmharcanna tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II agus atá ar fáil lena n-úsáid san Aontas, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin.

▼B

Airteagal 36 2.
Maidir leis an gclár dá dtagraítear i mír 1, beidh rochtain phoiblí air ar shuíomh gréasáin ÚEUM agus déanfar é a nuashonrú go pras, de réir mar is gá.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.