|
+Airteagal 36 1. |
Airteagal 36 1.Bunóidh agus cothabhálfaidh ÚEUM clár poiblí ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:
(a)
céannachtaí, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI), na riarthóirí atá údaraithe nó cláraithe de bhun Airteagal 34 agus na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh orthu;
(b)
céannachtaí na riarthóirí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 30(1), lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na riarthóirí sin, an liosta de thagarmharcanna dá dtagraítear in Airteagal 30(1), pointe (c), lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISINanna) na dtagarmharcanna sin, agus na húdaráis inniúla tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh orthu;
(c)
céannachtaí na riarthóirí a fuair aitheantas i gcomhréir le hAirteagal 32, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na riarthóirí sin, an liosta de thagarmharcanna, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin, arna soláthar ag na riarthóirí sin a fhéadfar a úsáid san Aontas agus, i gcás inarb infheidhme, na húdaráis inniúla tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh orthu;
(d)
na tagarmharcanna, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin, atá formhuinithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 33, céannachtaí riarthóirí na dtagarmharcanna sin, agus céannachtaí na riarthóirí formhuiniúcháin, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na riarthóirí formhuiniúcháin sin;
(e)
na tagarmharcanna, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin, atá faoi réir ráiteas arna fhoilsiú ag ÚEUM nó ag údarás inniúil de bhun Airteagal 24(2), agus hipearnaisc chuig na ráitis sin;
(f)
na tagarmharcanna, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin, atá faoi réir ainmnithe ag údaráis inniúla a dtugtar fógra fúthu do ÚEUM de bhun Airteagal 24(3) nó (7), agus hipearnaisc chuig na hainmnithe sin;
(g)
na tagarmharcanna, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin, atá faoi réir ainmnithe ag ÚEUM, agus hipearnaisc chuig na hainmnithe sin;
(h)
na tagarmharcanna, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin, atá faoi réir fógraí poiblí arna n-eisiúint ag ÚEUM agus ag údaráis inniúla de bhun Airteagal 24a(6), agus na hipearnaisc chuig na fógraí poiblí sin;
(i)
an liosta de Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin, atá ar fáil lena n-úsáid san Aontas;
(j)
an liosta de thagarmharcanna criticiúla, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin;
(k)
an liosta de thagarmharcanna tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II agus atá ar fáil lena n-úsáid san Aontas, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta na dtagarmharcanna sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|