+Airteagal 46 Coláistí
---+Airteagal 46 1.
---+Airteagal 46 2.
---+Airteagal 46 3.
---+Airteagal 46 4.
---+Airteagal 46 5.
---+Airteagal 46 6.
---+Airteagal 46 7.
---+Airteagal 46 8.
---+Airteagal 46 9.
---+Airteagal 46 10.
---+Airteagal 46 11.
|
Airteagal 46 Coláistí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 46 1.
|
Laistigh de 30 lá oibre ó chuirtear tagarmharc dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d’Airteagal 20(1) ar an liosta de thagarmharcanna criticiúla, cé is moite de thagarmharcanna sa chás gurb iad eintitis nach bhfuil faoi mhaoirseacht tromlach na rannchuiditheoirí, bunóidh údarás inniúil an riarthóra coláiste agus is é a bheidh i gceannas ar an gcoláiste.
|
|
Airteagal 46 2.
|
Beidh an coláiste comhdhéanta d’ionadaithe d’údarás inniúil an riarthóra, ÚEUM, murab ionann é agus údarás inniúil an riarthóra, agus d’údaráis inniúla na rannchuiditheoirí faoi mhaoirseacht.
|
|
Airteagal 46 3.
|
Beidh an ceart ag údaráis inniúla Ballstát eile a bheith ina gcomhaltaí den choláiste más rud é, dá scoirfí den tagarmharc criticiúil i dtrácht a sholáthar, go mbeadh drochthionchar suntasach aige sin ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú thealgaigh agus ghnóthais na mBallstát sin. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údarás inniúil a bheith ina chomhalta de choláiste, cuirfidh sé iarraidh faoi bhráid údarás inniúil an riarthóra ina mbeidh fianaise go bhfuil ceanglais na chéad fhomhíre den mhír seo comhlíonta. Déanfaidh údaráis inniúil ábhartha an riarthóra an iarraidh a mheas agus tabharfaidh sé fógra don údarás iarrthach laistigh de 20 lá oibre ón iarraidh a fháil á rá an measann sé nó nach measann go bhfuil na ceanglais sin le comhlíonadh. I gcás ina measann sé nach bhfuil na ceanglais sin le comhlíonadh, féadfaidh an t-údarás iarrthach an cás a chur faoi bhráid ÚEUM i gcomhréir le mír 9.
|
|
Airteagal 46 4.
|
Rannchuideoidh ÚEUM le feidhmiú éifeachtach, éifeachtúil agus comhsheasmhach na gcoláistí dá dtagraítear san Airteagal seo a chur chun cinn agus le faireachán a dhéanamh ar an bhfeidhmiú sin i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Chuige sin, beidh ÚEUM rannpháirteach de réir mar is iomchuí agus measfar é a bheith ina údarás inniúil chun na críche sin. I gcás ina ngníomhaíonn ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 17(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a mhéid a bhaineann le tagarmharc criticiúil, áiritheoidh sé go mbeidh malartú faisnéise agus comhar iomchuí ann le comhaltaí eile an choláiste.
|
|
Airteagal 46 5.
|
Is é údarás inniúil riarthóra a bheidh ina chathaoirleach ar chruinnithe an choláiste, a dhéanfaidh comhordú ar ghníomhaíochtaí an choláiste agus a áiritheoidh go mbeidh malartú éifeachtúil faisnéise ann idir comhaltaí an choláiste. I gcás ina soláthraíonn riarthóir níos mó ná tagarmharc criticiúil amháin, féadfaidh údarás inniúil an riarthóra sin coláiste aonair a bhunú i ndáil le gach tagarmharc arna soláthar ag an riarthóir sin.
|
|
Airteagal 46 6.
|
Bunóidh údarás inniúil riarthóra comhshocruithe i scríbhinn faoi chuimsiú an choláiste i ndáil leis na nithe seo leanas:
(a)
an fhaisnéis atá le malartú idir na húdaráis inniúla;
(b)
an próiseas déanta cinntí idir na húdaráis inniúla agus an creat ama ar laistigh de nach mór gach cinneadh a dhéanamh;
(c)
na cásanna ina gcaithfidh údaráis inniúla dul i gcomhairle lena chéile;
(d)
an comhar atá le soláthar faoi Airteagal 23(7) agus (8).
|
|
Airteagal 46 7.
|
Déanfaidh údarás inniúil riarthóra aon chomhairle a thugann ÚEUM uaidh maidir leis na comhshocruithe i scríbhinn faoi mhír 6 a bhreithniú go cuí sula gcomhaontófar an téacs críochnaitheach. Déanfar na socruithe i scríbhinn a leagan amach i ndoiciméad aonair ina mbeidh míniú lánréasúnaithe ar aon imeacht suntasach ón gcomhairle a thug ÚEUM. Tarchuirfidh údarás inniúil an riarthóra na comhshocruithe i scríbhinn chuig comhaltaí an choláiste agus chuig ÚEUM.
|
|
Airteagal 46 8.
|
Sula ndéanfaidh siad aon cheann de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 23(6), (7) agus (9), agus Airteagal 34, Airteagal 35 agus Airteagal 42, rachaidh údarás inniúil riarthóra i gcomhairle le comhaltaí an choláiste. Déanfaidh comhaltaí an choláiste gach ní réasúnach atá ar a gcumas chun teacht ar chomhaontú laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe sna comhshocruithe i scríbhinn dá dtagaraítear i mír 6 den Airteagal seo. Aon chinneadh a dhéanfaidh údarás inniúil an riarthóra bearta den sórt sin a dhéanamh, cuirfear san áireamh ann an tionchar ar na Ballstáit eile i dtrácht, go háirithe an tionchar féideartha ar chobhsaíocht a gcóras airgeadais. Maidir leis an gcinneadh údarú nó clárú riarthóra a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 35, aon uair gur teagmhas force majeure a bheadh mar thoradh ar thagarmharc a scor, nó go ndéanfadh sé téarmaí conartha airgeadais nó ionstraime airgeadais, nó na rialacha maidir le haon chiste infheistíochta, a thagraíonn don tagarmharc sin san Aontas a chur ó rath nó a shárú ar aon slí eile, de réir na brí a shonraíonn an Coimisiún in aon ghníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 51(6), déanfaidh na húdaráis inniúla sa choláiste a mheas an nglacfaidh siad bearta chun na héifeachtaí dá dtagraítear sa mhír seo a mhaolú, lena n-áirítear:
(a)
athrú ar an gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 15, ar an modheolaíocht nó ar rialacha eile an tagarmhairc;
(b)
tréimhse idirthréimhseach, ar lena linn a bheidh feidhm ag na nós imeachta dá bhforáiltear faoi Airteagal 28(2).
|
|
Airteagal 46 9.
|
In éagmais comhaontú idir comhaltaí coláiste, féadfaidh údaráis inniúla aon cheann de na cásanna seo a leanas a tharchur chuig ÚEUM:.
(a)
i gcás nach bhfuil faisnéis bhunriachtanach curtha in iúl ag údarás inniúil;
(b)
i gcás, tar éis iarraidh a rinneadh faoi mhír 3, go bhfuil fógra tugtha ag údarás inniúil an riarthóra don údarás iarrthach nach bhfuil ceanglais na míre sin á gcomhlíonadh nó mura ghníomhaigh sé ar scór na hiarrata sin laistigh de thréimhse réasúnta ama;
(c)
i gcás gur mhainnigh na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú maidir leis na nithe a leagtar amach i mír 6;
(d)
i gcás ina bhfuil easaontú ann maidir leis na bearta atá le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 34, le hAirteagal 35 agus le hAirteagal 42;
(e)
i gcás ina bhfuil easaontú ann maidir leis na bearta atá le glacadh i gcomhréir le hAirteagal 23(6);
(f)
i gcás ina bhfuil easaontú ann maidir leis na bearta atá le glacadh i gcomhréir leis an tríú fomhír de mhír 8 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 46 10.
|
Sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (d) agus (f) de mhír 9, agus sa chás nach mbeidh an tsaincheist réitithe laistigh de 30 lá tar éis í a tharchur chuig ÚEUM, déanfaidh údarás inniúil riarthóra an cinneadh críochnaitheach agus soláthróidh sé míniú mionsonraithe ar a chinneadh i scríbhinn do na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa mhír sin agus d'ÚEUM. Déanfar an tréimhse ama dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 34(6) a fhionraí ón dáta a rinneadh an tarchur chuig ÚEUM go dtí an tráth a mbeidh cinneadh déanta i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo. I gcás ina measann ÚEUM gur ghlac údarás inniúil an riarthóra aon bhearta dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo agus a bhféadfadh sé nach bhfuil siad i gcomhréir le dlí an Aontais, gníomhóidh sé i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 46 11.
|
Sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 9 den Airteagal seo, agus gan dochar d'Airteagal 258 CFAE, féadfaidh ÚEUM gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfar cumhacht údarás inniúil riarthóra faoi Airteagal 23(6) a fheidhmiú go dtí go mbeidh a chinneadh foilsithe ag ÚEUM.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|