+Airteagal 48e Bearta maoirseachta ag ÚEUM
---+Airteagal 48e 1.
---+Airteagal 48e 2.
---+Airteagal 48e 3.

Airteagal 48e Bearta maoirseachta ag ÚEUM

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 48e 1.

Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 48i(5), go bhfaigheann ÚEUM go ndearna duine ceann de na sáruithe a liostaítear i bpointe (a) d’Airteagal 42(1), déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a) 

cinneadh a ghlacadh gur gá don duine deireadh a chur leis an sárú;

(b) 

cinneadh a ghlacadh lena ngearrfar fíneálacha de bhun Airteagal 48f;

(c) 

fógraí poiblí a eisiúint.

Airteagal 48e 2.

Agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:

(a) 

fad agus minicíocht an tsáraithe;

(b) 

an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;

(c) 

an d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;

(d) 

leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;

(e) 

acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar is léir as láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;

(f) 

an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí miondíola;

(g) 

méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(h) 

a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú le ÚEUM, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(i) 

sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;

(j) 

bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú tar éis an tsáraithe chun nach ndéanfar an sárú arís.

Airteagal 48e 3.
Tabharfaidh ÚEUM fógra, gan moill mhíchuí, faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun mhír 1 don duine a bheidh freagrach as an sárú agus cuirfidh sé é sin in iúl d’údaráis inniúla na mBallstát agus don Choimisiún. Déanfaidh sé aon cheann de na gníomhaíochtaí sin a nochtadh go poiblí ar a shuíomh gréasáin faoi cheann 10 lá oibre ón dáta a glacadh é.

Áireofar na nithe seo a leanas sa nochtadh don phobal dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a) 

ráiteas lena ndearbhófar go bhfuil an ceart ag an duine atá freagrach as an sárú achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh;

(b) 

i gcás inarb ábhartha, ráiteas lena ndearbhófar gur taisceadh achomharc agus lena sonrófar nach bhfuil éifeacht fionraíochta ag an achomharc sin;

(c) 

ráiteas lena maífear gur féidir le Bord Achomhairc ÚEUM cur i bhfeidhm an chinnidh a bhfuiltear ag cur ina choinne a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 60(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.