|
+Airteagal 48e 2. |
Airteagal 48e 2.Agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 á ndéanamh aige, déanfaidh ÚEUM cineál agus tromchúis an tsáraithe a chur san áireamh, ag féachaint do na critéir seo a leanas:
(a)
fad agus minicíocht an tsáraithe;
(b)
an raibh an sárú ina chúis le coireacht airgeadais, ar éascaíodh coireacht airgeadais leis an sárú nó an raibh coireacht airgeadais inchurtha i leith an tsáraithe ar shlí eile;
(c)
an d’aon ghnó nó le faillí a rinneadh an sárú;
(d)
leibhéal freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;
(e)
acmhainn airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, de réir mar is léir as láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach as nó ioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach as;
(f)
an tionchar atá ag an sárú ar leasanna infheisteoirí miondíola;
(g)
méid na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó méid na gcaillteanas a sheachain an duine atá freagrach as, nó méid na gcaillteanas a thagann as an sárú do thríú páirtithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;
(h)
a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú le ÚEUM, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;
(i)
sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú;
(j)
bearta a rinne an duine atá freagrach as an sárú tar éis an tsáraithe chun nach ndéanfar an sárú arís. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|