+Airteagal 48m ÚEUM cúraimí a tharmligean chuig údaráis inniúla
---+Airteagal 48m 1.
---+Airteagal 48m 2.
---+Airteagal 48m 3.
---+Airteagal 48m 4.
---+Airteagal 48m 5.

Airteagal 48m ÚEUM cúraimí a tharmligean chuig údaráis inniúla

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 48m 1.
I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a dhéanamh go cuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d’eisigh ÚEUM de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfaidh, go háirithe, an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 48b agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 48c agus le hAirteagal 48d a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní dhéanfar údarú na dtagarmharcanna criticiúla a tharmligean.

Airteagal 48m 2.

Sula ndéanfar cúram a tharmligean i gcomhréir le mír 1, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoi na nithe seo:

(a) 

raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;

(b) 

an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus

(c) 

tarchur na faisnéise riachtanaí ag ÚEUM agus chuici.

Airteagal 48m 3.
I gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 481(3), aisíocfaidh ÚEUM údarás inniúil as costais arna dtabhú de bharr cúraimí tarmligthe a dhéanamh.
Airteagal 48m 4.
Athbhreithneoidh ÚEUM aon tarmligean a dhéanfar i gcomhréir le mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean a chúlghairm aon tráth.
Airteagal 48m 5.
Ní bheidh tionchar ag tarmligean cúraimí ar fhreagracht ÚEUM agus ní chuirfidh sé teorainn le cumas ÚEUM an ghníomhaíocht tharmligthe a dhéanamh agus a mhaoirsiú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.