Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 13(2a), 19a(2), 19c(1), 20(6),
►M6
24(9)
◄ , 27(2b), 30(2a), 30(3a), 33(7), 48i(10), 48l(3), 51(6) agus 54(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí ná sin a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé sin difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.