+Airteagal 49 An tarmligean a fheidhmiú
---+Airteagal 49 1.
---+Airteagal 49 2.
---+Airteagal 49 2a.
---+Airteagal 49 2b.
---+Airteagal 49 3.
---+Airteagal 49 3a.
---+Airteagal 49 4.
---+Airteagal 49 5.
---+Airteagal 49 6.
---+Airteagal 49 6a.
|
Airteagal 49 An tarmligean a fheidhmiú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 49 1.
|
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
|
|
Airteagal 49 2.
|
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 13(2a), 19a(2), 19c(1), 20(6),
►M6
24(9) ◄ , 27(2b), 33(7), 51(6) agus 54(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón
►M6
30 Meitheamh 2024 ◄ . Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná
►M6
31 Nollaig 2029 ◄ , tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
|
|
Airteagal 49 2a.
|
Na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 30(2a), 30(3a), 48i(10) agus 48l(3), tabharfar de chumhacht don Choimisiún iad a ghlacadh ón 30 Nollaig 2019.
|
|
Airteagal 49 2b.
|
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in
►M6
Airteagal 54(7) ◄ a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 13 Feabhra 2021.
|
|
Airteagal 49 3.
|
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 13(2a), 19a(2), 19c(1), 20(6),
►M6
24(9) ◄ , 27(2b), 30(2a), 30(3a), 33(7), 48i(10), 48l(3), 51(6) agus 54(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí ná sin a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé sin difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
|
|
Airteagal 49 3a.
|
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in
►M6
Airteagal 54(7) ◄ a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
|
|
Airteagal 49 4.
|
Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‐ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
|
|
Airteagal 49 5.
|
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
|
|
Airteagal 49 6.
|
Gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 3(2), 13(2a), 19a(2), 19c(1), 20(6),
►M6
24(9) ◄ , 27(2b) 30(2a), 30(3a), 33(7), 48i(10), 48l(3), 51(6) nó 54(3), ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbíonn aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh trí mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
|
|
Airteagal 49 6a.
|
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun
►M6
Airteagal 54(7) ◄ i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|