Gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 3(2), 13(2a), 19a(2), 19c(1), 20(6),
►M6
24(9)
◄ , 27(2b) 30(2a), 30(3a), 33(7), 48i(10), 48l(3), 51(6) nó 54(3), ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbíonn aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh trí mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.