|
+Airteagal 51 2. |
Airteagal 51 2.Faoin 1 Eanáir 2020, beidh ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil soláthróir innéacsanna atá ag déanamh iarratais ar údarú i gcomhréir le hAirteagal 34 lonnaithe an chumhacht cinneadh a dhéanamh an soláthróir innéacsanna sin a chlárú mar riarthóir fiú murab eintiteas faoi mhaoirseacht é, faoi na coinníollacha seo a leanas:
(a)
ní sholáthraíonn an soláthróir innéacsanna tagarmharc criticúil;
(b)
tá a fhios ag an údarás inniúil, ar bhonn réasúnach, nach bhfuil an t-innéacs nó na hinnéacsanna atá á sholáthar nó á soláthar ag an soláthróir innéacsanna in úsáid go forleathan, de réir bhrí an Rialacháin seo, sa Bhallstát ina bhfuil an soláthróir innéacsanna lonnaithe chomh maith le i mBallstáit eile. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra d'ÚEUM faoina chinneadh a bheidh glactha aige i gcomhréir leis an gcéad fhomhír. Coimeádfaidh an t-údarás inniúil fianaise de na cúiseanna a bhí aige lena chinneadh arna ghlacadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, agus beidh an fhianaise sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh sé indéanta a thuiscint go hiomlán meastóireachtaí an údaráis inniúil nach bhfuil an t-innéacs ná na hinnéacsanna arna sholáthar nó arna soláthar ag an solathróir innéacsanna in úsáid go forleathan, lena n-áirítear aon sonraí margaidh, aon bhreithiúnas nó aon fhaisnéis eile, mar aon le faisnéis a bheidh faighte ón soláthróir innéacsanna. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|