+Airteagal 51 Forálacha idirthréimhseacha
---+Airteagal 51 1.
---+Airteagal 51 2.
---+Airteagal 51 3.
---+Airteagal 51 4.
---+Airteagal 51 4a.
---+Airteagal 51 4b.
---+Airteagal 51 4c.
---+Airteagal 51 5.
---+Airteagal 51 6.
|
Airteagal 51 Forálacha idirthréimhseacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 51 1.
|
Soláthróir innéacsanna a sholáthraíonn tagarmharc an 30 Meitheamh 2016, déanfaidh sé iarratas ar údarú nó clárú i gcomhréir le hAirteagal 34 faoin 1 Eanáir 2020.
|
|
Airteagal 51 2.
|
Faoin 1 Eanáir 2020, beidh ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil soláthróir innéacsanna atá ag déanamh iarratais ar údarú i gcomhréir le hAirteagal 34 lonnaithe an chumhacht cinneadh a dhéanamh an soláthróir innéacsanna sin a chlárú mar riarthóir fiú murab eintiteas faoi mhaoirseacht é, faoi na coinníollacha seo a leanas:
(a)
ní sholáthraíonn an soláthróir innéacsanna tagarmharc criticúil;
(b)
tá a fhios ag an údarás inniúil, ar bhonn réasúnach, nach bhfuil an t-innéacs nó na hinnéacsanna atá á sholáthar nó á soláthar ag an soláthróir innéacsanna in úsáid go forleathan, de réir bhrí an Rialacháin seo, sa Bhallstát ina bhfuil an soláthróir innéacsanna lonnaithe chomh maith le i mBallstáit eile.
Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra d'ÚEUM faoina chinneadh a bheidh glactha aige i gcomhréir leis an gcéad fhomhír. Coimeádfaidh an t-údarás inniúil fianaise de na cúiseanna a bhí aige lena chinneadh arna ghlacadh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, agus beidh an fhianaise sin i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh sé indéanta a thuiscint go hiomlán meastóireachtaí an údaráis inniúil nach bhfuil an t-innéacs ná na hinnéacsanna arna sholáthar nó arna soláthar ag an solathróir innéacsanna in úsáid go forleathan, lena n-áirítear aon sonraí margaidh, aon bhreithiúnas nó aon fhaisnéis eile, mar aon le faisnéis a bheidh faighte ón soláthróir innéacsanna.
|
|
Airteagal 51 3.
|
Féadfaidh soláthróir innéacsanna leanúint de thagarmharc atá ann cheana a sholáthar, ar tagarmharc é a fhéadfaidh eintitis faoi mhaoirseacht a úsáid go dtí an 1 Eanáir 2020 nó, i gcás ina ndéanann an soláthróir innéacsanna iarratas ar údarú nó clarú a chur isteach i gcomhréir le mír 1, mura rud é agus go dtí go ndiúltaítear údarú nó clárú den sórt sin.
|
|
Airteagal 51 4.
|
Más rud é nach bhfuil ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh ag tagarmharc atá ann cheana, ach gurb é a bheadh mar thoradh ar an tagarmharc sin a scor nó a athrú d'fhonn ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh nó go dtarlódh teagmhas force majeure, nó go gcuirfeadh sé téarmaí aon chonartha airgeadais nó ionstraime airgeadais nó na rialacha maidir le haon chiste infheistíochta, a thagraíonn don tagarmharc sin, ó rath nó go sáródh sé iad ar aon slí eile, ceadóidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an soláthróir innéacsanna lonnaithe an tagarmharc a úsáid. Ní dhéanfaidh aon ionstraim airgeadais, aon chonradh airgeadais, nó aon tomhas ar fheidhmíocht ciste infheistíochta tagairt a chur le tagarmharc den sórt sin atá ann cheana tar éis an 1 Eanáir 2020.
|
|
Airteagal 51 4a.
|
Féadfaidh soláthraí innéacsanna leanúint de bheith ag soláthar tagarmharc atá ann cheana agus atá aitheanta mar thagarmharc criticiúil le gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20 go dtí 31 Nollaig 2021 nó, i gcás ina gcuireann an soláthraí innéacsanna iarratas ar údarú isteach i gcomhréir le mír 1, mura rud go ndiúltaítear, agus go dtí go ndiúltaítear, an t‐údarú sin.
|
|
Airteagal 51 4b.
|
I gcás ina bhfuil tagarmharc atá ann cheana aitheanta mar thagarmharc criticiúil le gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 20, féadfar é a úsáid in ionstraimí airgeadais agus conarthaí airgeadais atá ann cheana agus in ionstraimí airgeadais agus conarthaí airgeadais, nó chun feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas go dtí 31 Nollaig 2021 nó, i gcás ina gcuireann an soláthraí innéacsanna iarratas ar údarú isteach i gcomhréir le mír 1, mura rud go ndiúltaítear, agus go dtí go ndiúltaítear, an t‐údarú sin.
|
|
Airteagal 51 4c.
|
I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údaráis inniúla nó ÚEUM tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir a bhí san áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 an 31 Nollaig 2025 a ainmniú mar thagarmharc suntasach nó i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag ÚEUM tagarmharc a bhí san áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 an 31 Nollaig 2025 a ainmniú mar thagarmharc suntasach, déanfaidh na húdaráis inniúla nó ÚEUM, de réir mar is infheidhme, amhlaidh faoin 30 Meán Fómhair 2026. Riarthóirí tagarmharcanna, a chuirtear san áireamh, an 31 Nollaig 2025, sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 mar thagarmharcanna atá údaraithe, cláraithe nó aitheanta, nó mar riarthóirí formhuiniúcháin, coinneoidh siad an stádas sin go dtí an 30 Meán Fómhair 2026 agus:
(a)
i gcás ina bhfuil ceann amháin nó níos mó dá dtagarmharcanna suntasach de bhun Airteagal 24(1), pointe (a), ní bheidh sé d’oibleagáid ar na riarthóirí sin iarratas a dhéanamh an athuair ar údarú, clárú, aitheantas ná formhuiniú de bhun Airteagal 24a(1);
(b)
i gcás inar Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó tagarmharc tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II ceann amháin nó níos mó dá dtagarmharcanna, ní bheidh sé d’oibleagáid ar na riarthóirí sin iarratas a dhéanamh an athuair ar údarú, clárú, aitheantas ná formhuiniú de bhun Airteagal 34;
(c)
i gcás ina n-ainmnítear ceann amháin nó níos mó dá dtagarmharcanna mar thagarmharc suntasach de bhun Airteagal 24(3) nó (6) an 30 Meán Fómhair 2026 nó roimhe sin, ní bheidh sé d’oibleagáid ar na riarthóirí sin iarratas a dhéanamh an athuair ar údarú, clárú, aitheantas ná formhuiniú de bhun Airteagal 24a(2) nó (3), de réir mar is infheidhme;
(d)
i gcás nach bhfuil aon cheann dá dtagarmharcanna suntasach de bhun Airteagal 24 amhail an 30 Meán Fómhair 2026, i gcás nach Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó tagarmharc tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II aon cheann dá dtagarmharcanna, agus go n-iarrann na riarthóirí sin go n-ainmneofar ceann amháin nó níos mó dá dtagarmharcanna mar thagarmharc suntasach de bhun Airteagal 24(7) faoin 1 Eanáir 2027, ní bheidh sé d’oibleagáid ar na riarthóirí sin iarratas a dhéanamh an athuair ar údarú nó clárú i gcás ina mbeidh ainmniú mar thoradh ar an iarraidh sin.
Féadfar spot-tagarmharc malairte eachtraí arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír a úsáid le haghaidh ionstraimí airgeadais agus conarthaí airgeadais atá ann cheana agus ionstraimí airgeadais agus conarthaí airgeadais nua, nó chun feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas go dtí dáta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 18a(3).
|
|
Airteagal 51 5.
|
Mura rud é go mbeidh cinneadh coibhéise amhail dá dtagraítear i mír (2) nó (3) d’Airteagal 30 glactha ag an gCoimisiún, go mbeidh aitheantas tugtha do riarthóir de bhun Airteagal 32 nó go mbeidh tagarmharc formhuinithe de bhun Airteagal 33, ní cheadófar d’eintitis faoi mhaoirseacht úsáid a bhaint san Aontas as tagarmharc tríú tír, ach amháin le haghaidh ionstraimí airgeadais, conarthaí airgeadais agus tomhais ar fheidhmíocht ciste infheistíochta a dhéanann tagairt cheana féin don tagarmharc sin nó a chuireann tagairt le tagarmharc den sórt sin roimh an 31 Nollaig 2023. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le tagarmharcanna arna soláthar ag riarthóirí a athlonnaíonn as an Aontas chuig tríú tír le linn na hidirthréimhse. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ESMA i gcomhréir le hAirteagal 35. Déanfaidh ESMA liosta de thagarmharcanna tríú tír nach mbeidh feidhm ag an gcéad fhomhír ina leith a tharraingt suas. I gcás ina bhfaigheann ÚEUM, faoin 31 Nollaig 2025, iarratas ar aitheantas de bhun Airteagal 32(5) ó riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír a sholáthraíonn Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó tagarmharc tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II, nó iarratas ar fhormhuiniú de bhun Airteagal 33(1) le haghaidh Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó tagarmharc tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II arna soláthar ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír, féadfar an tagarmharc lena mbaineann a úsáid le haghaidh ionstraimí airgeadais agus conarthaí airgeadais atá ann cheana agus atá nua, mura rud é go ndiúltóidh ÚEUM aitheantas a riarthóra nó a fhormhuiniú agus go dtí go ndiúltóidh amhlaidh.
|
|
Airteagal 51 6.
|
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 i ndáil le bearta chun coinníollacha a chinneadh ar dá réir a fhéadfaidh an t-údarás inniúil ábhartha a mheasúnú an bhféadfadh sé, dá ndéanfaí tagarmharc atá cheana ann a scor nó a athrú chun go gcomhlíonadh sé ceanglais an Rialacháin seo, go mbeadh mar thoradh ar an scor nó an t-athrú sin go mbeadh ann do theagmhas force majeure, nó go gcuirfí téarmaí aon chonartha airgeadais nó aon ionstraime airgeadais nó na rialacha maidir le haon chiste infheistíochta a thagraíonn don tagarmharc sin ó rath nó go sárófaí na téarmaí sin ar aon slí eile.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|