+Airteagal 51 4c.

Airteagal 51 4c.

I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údaráis inniúla nó ÚEUM tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir a bhí san áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 an 31 Nollaig 2025 a ainmniú mar thagarmharc suntasach nó i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag ÚEUM tagarmharc a bhí san áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 an 31 Nollaig 2025 a ainmniú mar thagarmharc suntasach, déanfaidh na húdaráis inniúla nó ÚEUM, de réir mar is infheidhme, amhlaidh faoin 30 Meán Fómhair 2026.

Riarthóirí tagarmharcanna, a chuirtear san áireamh, an 31 Nollaig 2025, sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 mar thagarmharcanna atá údaraithe, cláraithe nó aitheanta, nó mar riarthóirí formhuiniúcháin, coinneoidh siad an stádas sin go dtí an 30 Meán Fómhair 2026 agus:

(a) 

i gcás ina bhfuil ceann amháin nó níos mó dá dtagarmharcanna suntasach de bhun Airteagal 24(1), pointe (a), ní bheidh sé d’oibleagáid ar na riarthóirí sin iarratas a dhéanamh an athuair ar údarú, clárú, aitheantas ná formhuiniú de bhun Airteagal 24a(1);

(b) 

i gcás inar Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó tagarmharc tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II ceann amháin nó níos mó dá dtagarmharcanna, ní bheidh sé d’oibleagáid ar na riarthóirí sin iarratas a dhéanamh an athuair ar údarú, clárú, aitheantas ná formhuiniú de bhun Airteagal 34;

(c) 

i gcás ina n-ainmnítear ceann amháin nó níos mó dá dtagarmharcanna mar thagarmharc suntasach de bhun Airteagal 24(3) nó (6) an 30 Meán Fómhair 2026 nó roimhe sin, ní bheidh sé d’oibleagáid ar na riarthóirí sin iarratas a dhéanamh an athuair ar údarú, clárú, aitheantas ná formhuiniú de bhun Airteagal 24a(2) nó (3), de réir mar is infheidhme;

(d) 

i gcás nach bhfuil aon cheann dá dtagarmharcanna suntasach de bhun Airteagal 24 amhail an 30 Meán Fómhair 2026, i gcás nach Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó tagarmharc tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II aon cheann dá dtagarmharcanna, agus go n-iarrann na riarthóirí sin go n-ainmneofar ceann amháin nó níos mó dá dtagarmharcanna mar thagarmharc suntasach de bhun Airteagal 24(7) faoin 1 Eanáir 2027, ní bheidh sé d’oibleagáid ar na riarthóirí sin iarratas a dhéanamh an athuair ar údarú nó clárú i gcás ina mbeidh ainmniú mar thoradh ar an iarraidh sin.

Féadfar spot-tagarmharc malairte eachtraí arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír a úsáid le haghaidh ionstraimí airgeadais agus conarthaí airgeadais atá ann cheana agus ionstraimí airgeadais agus conarthaí airgeadais nua, nó chun feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas go dtí dáta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 18a(3).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.