+Airteagal 54 Athbhreithniú
---+Airteagal 54 1.
---+Airteagal 54 2.
---+Airteagal 54 3.
---+Airteagal 54 4.
---+Airteagal 54 5.
---+Airteagal 54 6.
---+Airteagal 54 7.
---+Airteagal 54 8.
|
Airteagal 54 Athbhreithniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 54 1.
|
Faoin 1 Eanáir 2020, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis an Rialachán seo, agus maidir leis na nithe seo a leanas go háirithe:
(a)
feidhmiú agus éifeachtacht na gcóras maidir le tagarmharcanna criticiúla, riarachán éigeantach agus rannchuidiú éigeantach faoi Airteagal 20, Airteagal 21 agus Airteagal 23 agus an sainmhíniú ar thagarmharc criticiúil i bpointe (25) d'Airteagal 3(1);
(b)
éifeachtacht chóras údarú, chlárú agus mhaoirsiú na riarthóirí faoi Theideal VI agus na gcoláistí faoi Airteagal 46 agus a oiriúnaí atá an mhaoirseacht ar thagarmharcanna áirithe ag comhlacht de chuid an Aontais;
(c)
feidhmiú agus éifeachtacht Airteagal 19(2), go háirithe raon feidhme a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 54 2.
|
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an éabhlóid i bprionsabail idirnáisiúnta is infheidhme maidir le tagarmharcanna agus ar an éabhlóid ar chreataí dlí agus ar chleachtais mhaoirseachta i dtríú tíortha i dtaca le soláthar tagarmharcanna, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach cúig bliana tar éis an 1 Eanáir 2018. Déanfar leis an tuarascáil sin measúnú go háirithe i dtaobh an bhfuil gá leis an Rialachán seo a leasú agus beidh togra reachtach, más iomchuí.
|
|
Airteagal 54 3.
|
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an tréimhse 42 mhí dá dtagraítear in Airteagal 51(2) a fhadú de 24 mhí, más rud é go mbeidh fianaise sa tuarascáil dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 den Airteagal seo nach bhfuil an córas clárúcháin idirthréimhseach faoi Airteagal 51(2) díobhálach do chultúr coiteann maoirseachta Eorpach agus do chleachtais mhaoirseachta agus do chineálacha cur chuige comhleanúnacha i measc na n-údarás inniúil.
|
|
Airteagal 54 4.
|
Faoin 31 Nollaig 2022, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na híoschaighdeáin i leith Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras chun a áirithiú go bhfuil roghnú na sócmhainní foluiteacha comhsheasmhach le hinfheistíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de mar a shainítear i gcreat uile-Aontais.
|
|
Airteagal 54 5.
|
Roimh an 31 Nollaig 2022, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir le tionchar an Rialacháin seo agus indéantacht na “dtagarmharcanna ESG”, á chur san áireamh go bhfuil táscairí inbhuanaitheachta ag síorathrú agus ag cur san áireamh na modhanna a úsáidtear chun iad a thomhas. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.
|
|
Airteagal 54 6.
|
Faoin 15 Meitheamh 2023, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le raon feidhme an Rialacháin seo, go háirithe sa mhéid a bhaineann le húsáid leanúnach tagarmharcanna tríú tír ag eintitis faoi mhaoirseacht agus maidir leis na heasnaimh a d’fhéadfadh a bheith sa chreat reatha. Déanfar leis an tuarascáil sin measúnú go háirithe i dtaobh an bhfuil gá leis an Rialachán seo a leasú chun a raon feidhme a theorannú do sholáthar cineálacha áirithe tagarmharcanna nó do sholáthar tagarmharcanna atá á n-úsáid go forleathan san Aontas agus beidh togra reachtach, i gcás inarb iomchuí, ag gabháil leis an tuarascáil sin.
|
|
Airteagal 54 7.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 faoin 15 Meitheamh 2023 chun an idirthréimhse dá dtagraítear in Airteagal 51(5) a fhadú go dtí an 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí, más rud é go léirítear sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, i ngach cás eile, go mbeadh úsáid leanúnach de thagarmharcanna áirithe tríú tír san Aontas ag eintitis faoi mhaoirseacht lagaithe go suntasach nó gur bagairt thromchúiseach a bheadh ann don chobhsaíocht airgeadais.
|
|
Airteagal 54 8.
|
Faoin 30 Meitheamh 2029, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú i dtaobh an iomchuí raon feidhme an Rialacháin seo i ndáil le tagarmharcanna ina bhfuil éilimh a bhaineann le critéir ESG agus go háirithe nochtadh a bhaineann le critéir ESG ag riarthóirí na dtagarmharcanna sin. Sa mheasúnú sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh infhaighteacht tagarmharcanna ina bhfuil éilimh a bhaineann le critéir ESG san Aontas agus a nglacadh, i gcás inar féidir, agus costas na dtagarmharcanna sin agus cineál athraitheach na dtáscairí ESG agus na modhanna a úsáidtear chun iad a thomhas á gcur san áireamh. Áireofar sa tuarascáil freisin measúnú i dtaobh an bhfuil ábhar an nochta atá le déanamh faoin Rialachán seo comhsheasmhach le nochtadh ó thaobh na hinbhuanaitheachta de faoi Rialachán (AE) 2019/2088 agus le treoirlínte ábhartha ÚEUM. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|