2. Sa bhreis ar na daoine a shonraítear in Airteagal 53(3) de Threoir 2014/65/AE má iarrann oibreoir MTF DLT sin, féadfaidh an t-údarás inniúil cead a thabhairt don oibreoir sin daoine nádúrtha agus dlítheanacha a ligean isteach chun déileáil ar a gcuntas féin mar chomhaltaí nó mar rannpháirtithe, ar choinníoll go gcomhlíonann na daoine sin na ceanglais seo a leanas:
|
(a)
|
go bhfuil dea-chlú orthu;
|
|
(b)
|
go bhfuil leibhéal leordhóthanach cumais trádála, inniúlachta agus taithí acu, lena n-áirítear eolas faoi fheidhmiú teicneolaíochta mórleabhar dáilte;
|
|
(c)
|
nach cruthaitheoirí margaidh iad ar MTF DLT;
|
|
(d)
|
nach mbaineann siad úsáid as teicníc trádála algartamaí ar MTF DLT;
|
|
(e)
|
nach ndéanann siad rochtain dhíreach leictreonach ar MTF DLT a chur ar fáil do dhaoine eile;
|
|
(f)
|
nach ndéileálann siad ar a gcuntas féin agus orduithe cliant á gcur i gcrích acu ar bhonneagar margaidh DLT; agus
|
|
(g)
|
go bhfuil toiliú feasach tugtha acu i leith trádáil a dhéanamh ar MTF DLT mar chomhaltaí nó mar rannpháirtithe agus go ndearna MTF DLT iad a chur ar an eolas faoi na rioscaí ionchasacha a bhaineann lena córais a úsáid chun ionstraimí airgeadais DLT a thrádáil.
|
I gcás ina ndeonaíonn an t-údarás inniúil an díolúine dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh sé bearta cosanta breise a cheangal chun cosaint a thabhairt do dhaoine nádúrtha a ligtear isteach chuig MTF DLT mar chomhaltaí nó mar rannpháirtithe. Beidh na bearta sin i gcomhréir le próifíl riosca na gcomhaltaí nó na rannpháirtithe sin.