7. Arna iarraidh sin do CSD a bhfuil SS DLT á oibriú aici, féadfaidh an t-údarás inniúil CSD den sórt sin a dhíolmhú ó Airteagail 39 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, ar choinníoll go ndéanfaidh CSD den sórt sin bearta cúiteacha a mholadh chun cuspóirí an Airteagail sin a ghnóthú agus, go n-áiritheofar ar a laghad, trí bhíthin nósanna imeachta agus socruithe stóinsithe, go ndéanfar an méid seo a leanas:
|
(a)
|
idirbhearta in ionstraimí airgeadais DLT a shocrú ag SS DLT gar d’fhíor am nó in aon lá amháin agus in aon chás, tráth nach déanaí ná an dara lá gnó tar éis an trádáil a thabhairt i gcrích;
|
|
(b)
|
go ndéanfaidh SS DLT na rialacha lena rialófar an córas socraíochta a nochtadh go poiblí; agus
|
|
(c)
|
go ndéanfaidh SS DLT maolú ar aon riosca a eascróidh as neamhainmniú SS DLT mar chóras chun críocha Threoir 98/26/CE, go háirithe maidir le himeachtaí dócmhainneachta.
|
Chun críocha SS DLT a oibriú, ní bheidh mar thoradh ar an sainmhíniú ar CSD i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, arb é sin duine dlítheanach a bhfuil córas socraíochta urrús á oibriú aige, go gceanglófar ar na Ballstáit SS DLT a ainmniú mar chóras socraíochta urrús agus fógra a thabhairt ina leith faoi Threoir 98/26/CE. Mar sin féin, ní chuirfear cosc ar na Ballstáit ó SS DLT a ainmniú mar chóras socraíochta urrús agus fógra a thabhairt ina leith faoi Threoir 98/26/CE i gcás ina gcomhlíonfar ceanglais na Treorach sin le SS DLT.
I gcás nach n-ainmneofar SS DLT agus nach dtabharfar fógra ina leith mar chóras socraíochta urrús faoi Threoir 98/26/CE, déanfaidh CSD a bhfuil SS DLTS den sórt sin á oibriú aici bearta cúiteach a mholadh chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a eascraíonn ón dócmhainneacht.