1. Déanfaidh oibreoirí bhonneagair mhargaidh DLT pleananna gnó soiléire agus mionsonraithe a chur ar bun lena ndéanfar cur síos ar an gcaoi a bhfuil sé ar intinn acu a gcuid seirbhísí agus gníomhaíochtaí a dhéanamh, lena n-áireofar iontu cur síos ar a bhfoireann chriticiúil, na gnéithe teicniúla agus an úsáid a bhainfear as teicneolaíocht mórleabhar dáilte, agus an fhaisnéis a cheanglaítear i mír 3.
Déanfaidh oibreoirí bhonneagair mhargaidh DLT doiciméadacht scríofa atá cothrom le dáta, soiléir agus mionsonraithe a chur ar fáil go poiblí freisin, doiciméadacht a fhéadfaidh siad a chur ar fáil go leictreonach, ina sainmhíneofar na rialacha faoina n-oibreoidh bonneagair mhargaidh DLT agus a n-oibreoirí, lena n-áirítear na téarmaí dlíthiúla lena sainmhíneofar cearta, oibleagáidí, freagrachtaí agus dliteanais oibreoirí bhonneagair mhargaidh DLT, mar aon le cearta, oibleagáidí, freagrachtaí agus dliteanais na gcomhaltaí, na rannpháirtithe, na n-eisitheoirí agus na gcliant a bhaineann úsáid as a mbonneagar margaidh DLT. Sonrófar sna téarmaí dlíthiúla sin an dlí rialaithe, aon sásra réamhdhlíthíochta um réiteach díospóidí, aon bhearta cosanta maidir le dócmhainneacht faoi Threoir 98/26/CE agus na dlínsí ina bhféadfar caingean dlí a thionscnamh. Féadfaidh oibreoirí bhonneagair mhargaidh DLT a ndoiciméadacht scríofa a chur ar fáil trí mhodhanna leictreonacha.