|
+Airteagal 7 5 |
Airteagal 7 55. I gcás ina n-áiritheoidh oibreoir bhonneagair mhargaidh DLT slánchoinneáil chistí, chomhthaobhacht nó ionstraimí airgeadais DLT de chuid na gcomhaltaí, na rannpháirtithe na n-eisitheoirí agus na gcliant, agus ina n-áiritheoidh sé na modhanna rochtana ar shócmhainní den sórt sin, lena n-áirítear i bhfoirm eochracha cripteagrafacha, beidh socruithe leordhóthanacha i bhfeidhm ag an oibreoirí sin chun cosc a chur ar an úsáid a bhainfear as na sócmhainní sin ar chuntas an oibreora fhéin gan toiliú sainráite roimh ré i scríbhinn a fháil ón gcomhalta, ón rannpháirtí, ón eisitheoir nó ón gcliant lena mbaineann, a fhéadfar a dhéanamh trí mhodhanna leictreonacha. Coinneoidh oibreoirí bhonneagar margaidh DLT taifid shábháilte, chruinne, iontaofa agus in-aisghafa de na cistí, den chomhthaobhacht agus d’ionstraimí airgeadais DLT atá i seilbh a mbonneagar margaidh DLT le haghaidh a gcomhaltaí, a rannpháirtithe, a n-eisitheoirí nó a gcliant mar aon leis na modhanna rochtana ar na cistí, ar an gcomhthaobhacht agus ar ionstraimí airgeadais DLT sin. Déanfaidh oibreoirí bhonneagar margaidh DLT cistí, comhthaobhacht agus ionstraimí airgeadais DLT de chuid na gcomhaltaí, na rannpháirtithe, na n-eisitheoirí nó na gcliant a bhfuil úsáid á baint acu as bonneagar margaidh DLT, agus na modhanna rochtana ar shócmhainní den sórt sin, a leithscaradh ó shócmhainní de chuid an oibreora agus ó shócmhainní de chuid comhaltaí, rannpháirtithe, eisitheoirí agus cliant eile. Áiritheofar le socruithe TF agus na cibearshocruithe foriomlána, dá dtagraítear i mír 4 go ndéanfar cistí, comhthaobhacht agus ionstraimí airgeadais DLT den sórt sin atá i seilbh bhonneagar margaidh DLT i gcomhair a chomhaltaí, a rannpháirtithe, a eisitheoirí nó a chliant, mar aon leis na modhanna rochtana atá orthu, a chosaint ar rioscaí a bhaineann le rochtain neamhúdaraithe, haiceáil, díghrádú, caillteanas, cibirionsaí, goid, calaois, faillí, nó mífheidhmeanna oibríochtúla tromchúiseacha eile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|