6. I gcás caillteanas cistí, caillteanas comhthaobhachta nó caillteanas ionstraim airgeadais DLT, beidh oibreoir bhonneagar margaidh DLT a chaill na cistí, an chomhthaobhacht nó ionstraim airgeadais DLT faoi dhliteanas i leith an chaillteanais suas go méid arb ionann é agus margadhluach na sócmhainne a chaillfear. Ni bheidh oibreoir bhonneagar margaidh DLT faoi dhliteanas i leith an chaillteanais i gcás ina gcruthódh sé gur tharla an caillteanas mar thoradh ar theagmhas seachtrach nach raibh neart réasúnach aige air agus nárbh fhéidir iarmhairtí an teagmhais sin a sheachaint in ainneoin gach iarrachta réasúnta a rinneadh ina leith.
Déanfaidh oibreoirí bhonneagar margaidh DLT socruithe trédhearcacha agus leormhaithe a chur ar bun chun cosaint infheisteoirí a áirithiú, agus chun sásraí chun gearáin ó chliaint a láimhseáil agus nósanna imeachta i gcomhair cúiteamh nó sásamh a bhunú i gcásanna inar ann do chaillteanas infheisteora mar thoradh ar na hiarmhairtí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo nó mar thoradh ar stad a bheith á chur leis an ngnó i ngeall ar aon cheann de na hiarmhairtí dá dtagraítear in Airteagail 8(13), 9(11) agus 10(10).
Féadfaidh údarás inniúil a chinneadh, de réir an cháis, coimircí stuamachta breise a chur de cheangal ar oibreoir bhonneagar margaidh DLT i bhfoirm cistí dílse nó polasaí árachais, má chinneann an t-údarás inniúil nach ndéantar dliteanais fhéideartha i leith damáistí a dhéantar do chliaint de chuid oibreoir bhonneagar margaidh DLT i ngeall ar aon cheann de na hiarmhairtí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chumhdach go leordhóthanach leis na ceanglais stuamachta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 909/2014, i Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18), i dTreoir 2014/65/AE nó i dTreoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), chun cosaint infheisteoirí a áirithiú.