2. I gcás ina ndéanfaidh duine dlítheanach iarratas ar údarú mar ghnólacht infheistíochta, nó ar údarú chun margadh rialáilte a oibriú faoi Threoir 2014/65/AE, nó ar údarú mar CSD faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus, go comhuaineach, ina ndéanfaidh sé iarratas ar chead sonrach faoin Airteagal seo, chun TSS DLT a oibriú, agus chun na críche sin amháin, ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil a mheas an gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais sin de Threoir 2014/65/AE nó na ceanglais de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 a ndearnadh an t-iarratasóir iarraidh ar dhíolúine ina leith i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán seo.