3. Más rud é, mar a thagraítear dó i mír 2 den Airteagal seo, ina ndéanfaidh duine dlítheanach iarratas go comhuaineach ar údarú mar ghnólacht infheistíochta, nó ar údarú chun margadh rialáilte a oibriú, nó ar údarú mar CSD, agus ar iarratas ar chead sonrach, cuirfidh sé isteach ina iarratas an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 7 de Threoir 2014/65/AE nó d’Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 faoi seach, seachas faisnéis a bheadh riachtanach chun comhlíonadh na ceanglais ar iarr an t-iarratasóir díolúine ina leith i gcomhréir le hAirteagal 6 den Rialachán seo a léiriú.