9. Laistigh de 90 lá oibre ón dáta a fhaightear iarratas comhlánaithe ar chead sonrach chun TSS DLT a oibriú, déanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an iarratas agus cinnfidh sé i dtaobh an ndeonófar an cead sonrach. I gcás ina ndéanfaidh iarratasóir iarratas go comhuaineach ar údarú faoi Threoir 2014/65/AE nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus ar chead sonrach faoin Rialachán seo, féadfar ré an mheasúnaithe a fhadú go ceann tréimhse breise suas go dtí an ré dá bhforáiltear in Airteagal 7(3) de Threoir 2014/65/EU nó d’Airteagal 17(8) de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 faoi seach.