13. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag oibreoir TSS DLT athrú ábhartha a thabhairt isteach ar fheidhmiú na teicneolaíochta mórleabhar dáilte arna húsáid, nó ar sheirbhísí nó gníomhaíochtaí an oibreora sin, agus ina n-éilítear cead sonrach nua leis an athrú ábhartha sin, iarrfaidh oibreoir TSS DLT cead sonrach nua, nó modhnú ar cheann amháin nó níos mó de dhíolúintí an oibreora atá ann cheana nó ar aon choinníollacha a ghabhann le díolúine, iarrfaidh oibreoir MTF DLT cead, díolúine nó modhnú sonrach nua.
I gcás ina n-iarrann oibreoir TSS DLT, cead nó díolúine nua le linn a ghníomhaíochta, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 6. Déanfaidh an t-údarás inniúil an iarraidh sin a phróiseáil, i gcomhréir leis an Airteagal sin.