“3a. Faoin Faoin 23 Márta 2023, glacfaidh na Ballstáit na forálacha is gá chun pointe (15) d’Airteagal 4(1) a chomhlíonadh agus foilseoidh siad na forálacha sin agus cuirfidh siad in iúl don Choimisiún iad. Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 23 Márta 2023.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, maidir leis na Ballstáit nach féidir leo na forálacha is gá a ghlacadh chun pointe (15) d’Airteagal 4(1) a chomhlíonadh faoin 23 Márta 2023, de bhrí go mairfidh a nósanna imeachta reachtacha níos mó ná naoi mí, bainfidh siad tairbhe as síneadh sé mhí ar a mhéad ó faoin 23 Márta 2023, ar choinníoll go dtabharfaidh siad fógra don Choimisiún gur gá dóibh úsáid a bhaint as an síneadh sin faoin 23 Márta 2023.”.