+Airteagal 3
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
|
Airteagal 3
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn “gnóthas comhinfheistíochta” CIM mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2011/61/AE;
(b)
ciallaíonn “ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach” gnóthas comhinfheistíochta:
(i)
a bheartaíonn 70 % ar a laghad dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlánaithe agus dá chaipiteal geallta neamhghlaoite a infheistiú i sócmhainní ar infheistíochtaí cáilitheacha iad, arna ríomh ar bhonn na méideanna in-infheistithe tar éis na costais uile ábhartha agus sealúchais airgid thirim agus coibhéisí airgid a asbhaint, laistigh de chreat ama a leagtar síos ina rialacha nó ina hionstraimí corpraithe;
(ii)
nach n-úsáideann níos mó ná 30 % dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlánaithe agus dá chaipiteal geallta neamhghlaoite chun sócmhainní a fháil seachas infheistíochtaí cáilitheacha, arna ríomh ar bhonn na méideanna in-infheistithe tar éis na costais uile ábhartha agus sealúchais airgid thirim agus coibhéisí airgid a asbhaint;
(iii)
atá bunaithe laistigh de chríoch Ballstáit;
(c)
ciallaíonn “bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach” duine dlítheanach arb é a ghnó rialta ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach amháin ar a laghad a bhainistiú;
(d)
ciallaíonn “gnóthas punainne cáilitheach” gnóthas a bhfuil na rudaí seo a leanas fíor ina thaobh:
(i)
nach raibh, tráth na hinfheistíochta ag an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, ligthe isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialaithe nó ar shaoráid trádála iltaobhach (STI) mar a shainmhínítear i bpointe (14) agus i bpointe (15) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE;
▼M1
(ii)
a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aige iarmhairtí sóisialta dearfacha intomhaiste a bhaint amach i gcomhréir lena airteagail chomhlachais, a reachtanna agus aon rialacha nó ionstraimí corpraithe eile lena mbunaítear an gnó, i gcás:
—
ina soláthraíonn an gnóthas seirbhísí nó earraí as a dtagann toradh sóisialta;
—
ina n-úsáideann an gnóthas modh táirgthe earraí nó seirbhísí trína léirítear a chuspóir sóisialta; nó
—
ina soláthraíonn an gnóthas tacaíocht airgeadais do ghnóthais shóisialta amháin mar a shainmhínítear sa chéad dá fhleasc;
▼B
(iii)
a úsáideann a bhrabúis sa chéad áit chun a phríomhchuspóir sóisialta a bhaint amach i gcomhréir lena airteagail chomhlachais, a reachtanna agus aon rialacha nó ionstraimí corpraithe eile lena leagtar síos an gnó agus leis na nósanna imeachta agus rialacha réamh-mhínithe atá iontu, lena gcinnfear na dálaí ina ndáiltear brabús ar scairshealbhóirí agus ar úinéirí chun a áirithiú nach ndéanfaidh an dáileadh brabúis sin dochar dá phríomhaidhm;
(iv)
a bhainistítear ar bhealach cuntasach agus trédhearcach, go háirithe trí pháirt a thabhairt d’oibrithe, do chustaiméirí agus do pháirtithe leasmhara a mbíonn tionchar ag a chuid gníomhaíochtaí gnó orthu;
(v)
a bhunaítear laistigh de chríoch Ballstáit nó i dtríú tír ar choinníoll, i dtaca leis an tríú tír sin:
—
nach bhfuil sí liostaithe mar Thír agus Críoch Neamh-Chomhoibríoch ag an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais i ndáil leis an gComhrac i gCoinne Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta,
—
go bhfuil comhaontú sínithe aici le Ballstát baile an bhainisteora um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach agus le gach Ballstát ina mbeartaítear aonaid agus scaireanna an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh a mhargú, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an tríú tír na caighdeáin a leagtar síos in Airteagal 26 de Shamhailchoinbhinsiún Cánach EFCE ar Ioncam agus ar Chaipiteal agus lena áirithítear malartú éifeachtach faisnéis maidir le cúrsaí cánach, lena n-áirítear aon chomhaontuithe cánach iltaobhacha;
(e)
ciallaíonn “infheistíochtaí cáilitheacha” na hionstraimí seo a leanas:
(i)
ionstraimí cothromais agus cuasachothromais:
—
arna n-eisiúint ag gnóthas punainne cáilitheach agus arna sealbhú go díreach ag an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ón ngnóthas punainne cáilitheach,
—
arna n-eisiúint ag gnóthas punainne cáilitheach mar mhalairt ar urrús cothromais arna eisiúint ag an ngnóthas punainne cáilitheach, nó
—
arna n-eisiúint ag gnóthas ar foghnóthas faoi úinéireacht thromlach an mháthairghnóthais atá sa ghnóthas punainne cáilitheach agus a shealbhaíonn an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach mar mhalairt ar ionstraim chothromais arna heisiúint ag an ngnóthas punainne cáilitheach;
(ii)
ionstraimí fiachais urrúsaithe agus neamhurrúsaithe, arna n-eisiúint ag gnóthas punainne cáilitheach;
(iii)
aonaid agus scaireanna ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach amháin nó roinnt cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha eile, ar choinníoll nach bhfuil na cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha sin tar éis níos mó ná 10 % dá ranníocaíochtaí caipitil comhiomlánaithe agus dá gcaipiteal geallta neamhghlaoite a infheistiú i gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheach iad féin;
(iv)
iasachtaí urraithe nó neamhurraithe arna ndeonú ag an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ar ghnóthas punainne cáilitheach;
(v)
aon chineál eile sealúchais i ngnóthas punainne cáilitheach;
(f)
ciallaíonn “costais ábhartha” táillí, muirir agus costais a íocfaidh infheisteoirí go díreach nó go hindíreach agus a aontaítear idir an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach agus na hinfheisteoirí ann;
(g)
ciallaíonn “cothromas” leas úinéireachta i ngnóthas, a léirítear le scaireanna nó le foirmeacha eile sealúchais i gcaipiteal an ghnóthais punainne cáilitheach arna eisiúint ag a infheisteoirí;
(h)
ciallaíonn “cuasachothromas” aon chineál ionstraime airgeadais ar meascán é de chothromas agus d’fhiachas sa chás go bhfuil an toradh ar an ionstraim nasctha le brabús nó le caillteanas an ghnóthais punainne cáilitheach agus sa chás nach bhfuil aisíocaíocht na hionstraime lánurraithe i gcás loiceadh;
(i)
ciallaíonn “margú” tairiscint nó láithriú díreach nó indíreach ar thionscnamh an bhainisteora um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nó thar a cheann d’aonaid nó de scaireanna ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach arna bhainistiú aige le haghaidh nó le hinfheisteoirí at bhfuil sainchónaí orthu san Aontas nó a bhfuil oifig chláraithe acu san Aontas;
(j)
ciallaíonn “caipiteal geallta” aon ghealltanas faoina mbeadh oibleagáid ar infheisteoir, laistigh den tréimhse ama a leagtar síos i rialacha nó in ionstraimí corpraithe an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh leas a fháil sa chiste sin nó ranníocaíochtaí caipitil a dhéanamh leis;
▼M1
(k)
ciallaíonn “Ballstát baile” an Ballstát sin ina bhfuil a oifig chláraithe ag an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach;
▼B
(l)
ciallaíonn “Ballstát aíochta” an Ballstát, seachas an Ballstát baile, ina ndéanann an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a mhargú i gcomhréir leis an Rialachán seo;
▼M1
(m)
ciallaíonn “údarás inniúil”:
(i)
i dtaca le bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo, an t-údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE;
(ii)
i dtaca le bainisteoirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán seo, an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Threoir 2011/61/AE;
(iii)
i dtaca le cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha, údarás inniúil an Bhallstáit sin ina bhfuil an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach bunaithe;
▼M1
(n)
ciallaíonn “údarás inniúil an Bhallstáit óstaigh” údarás Ballstáit, seachas an Ballstát baile, ina ndéantar an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a mhargú;
▼M2
(o)
ciallaíonn “réamh-mhargaíocht” faisnéis faoi straitéisí infheistíochta nó smaointe infheistíochta a bheith á soláthar nó iad a bheith á gcur in iúl, go díreach nó go hindíreach, ag bainisteoir ar chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, nó thar a cheann, d'infheisteoirí féideartha atá ina gcónaí nó a bhfuil oifig chláraithe acu san Aontas chun a fháil amach cén spéis atá acu i gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach nach bhfuil ar bun fós, nó i gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach atá ar bun ach nár tugadh fógra ina leith go fóill maidir le margaíocht i gcomhréir le hAirteagal 16, sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar na hinfheisteoirí féideartha nó ina bhfuil a n-oifig chláraithe, agus nach tairiscint ná socrúchán don infheisteoir féideartha atá i gceist, i gceachtar den dá chás sin, chun infheistiú in aonaid nó scaireanna an chiste fiontraíochta sóisialta sin.
▼B
Maidir le pointe (c) den chéad fhomhír, i gcás ina gceadóidh foirm dhlíthiúil ciste fiontraíochta sóisialta cháilithigh bainistíocht inmheánach agus i gcás nach ndéanfaidh comhlacht rialaithe an chiste bainisteoir seachtrach a cheapadh, beidh an ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach féin cláraithe mar an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach i gcomhréir le hAirteagal 15. Aon chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach atá cláraithe mar bhainisteoir inmheánach um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, ní dhéanfar é a chlárú mar bhainisteoir seachtrach um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ar ghnóthas comhinfheistíochta eile.
|
|
Airteagal 3 2.
|
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun na cineálacha seirbhísí nó earraí agus modhanna táirgthe seirbhísí nó earraí trína léirítear cuspóir sóisialta dá dtagraítear i bpointe (ii) de phointe (d) de mhír 1 den Airteagal seo a shonrú agus cuirfear san áireamh na cineálacha éagsúla gnóthas punainne cáilitheach agus na himthosca sin inar féidir brabús a dháileadh ar úinéirí agus ar infheisteoirí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0346
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|