I gcás ina gceanglófar ar an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach tuarascáil bhliantúil airgeadais a phoibliú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis faoi eisitheoirí a ligtear a gcuid urrús isteach chun a trádála ar mhargadh rialaithe (
3
) i dtaca leis an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a thabhairt go leithleach nó mar chuid bhreise den tuarascáil bhliantúil airgeadais.