+Airteagal 13
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 5.
|
Airteagal 13
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Cuirfidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha tuarascáil bhliantúil ar fáil d’údarás inniúil an Bhallstáit baile i gcás gach ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach atá á bhainistiú acu, faoi shé mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais. Tabharfar tuairisc sa tuarascáil ar chomhdhéanamh phunainn an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus gníomhaíochtaí na bliana roimhe sin. Nochtfar ann chomh maith na brabúis arna dtuilleadh ag an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ag deireadh a ré agus, más infheidhme, na brabúis arna ndáileadh le linn a ré. Beidh na cuntais airgeadais iniúchta a bhaineann leis an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach ar áireamh sa tuarascáil. Táirgfear an tuarascáil bhliantúil i gcomhréir leis na caighdeáin tuairiscithe reatha agus na téarmaí ar chomhaontaigh na bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus na hinfheisteoirí. Cuirfidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha an tuarascáil ar fáil d’infheisteoirí arna iarraidh sin dóibh. Féadfaidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus infheisteoirí teacht ar chomhaontú faoi nochtuithe breise lena chéile.
|
|
Airteagal 13 2.
|
Beidh na gnéithe seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil bhliantúil:
(a)
mionsonraí, de réir mar is iomchuí, faoin toradh sóisialta iomlán ar an mbeartas infheistíochta agus an modh a úsáideadh chun an toradh sin a thomhas;
(b)
ráiteas maidir le haon dífheistiú a tharla a bhaineann le gnóthais phunainne cháilitheacha;
(c)
tuairisc ina mínítear ar de thoradh nó nach de thoradh na gcritéar dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 14(1) a tharla dífheistiú i ndáil le sócmhainní eile an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh nach n-infheistítear i ngnóthais phunainne cháilitheacha;
(d)
achoimre ar na gníomhaíochtaí a rinne an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach maidir leis na gnóthais phunainne cháilitheacha dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 14(1);
▼M1
(e)
faisnéis faoi chineál, faoi luach agus faoi chuspóir na n-infheistíochtaí seachas infheistíochtaí cáilitheacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1);
▼M1
(f)
tuairisc ar an gcaoi a gcuirtear rioscaí comhshaoil agus rioscaí a bhaineann leis an aeráid san áireamh i gcur chuige infheistíochta na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha.
▼B
|
|
Airteagal 13 3.
|
Déanfar iniúchóireacht ar an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a sheoladh go bliantúil ar a laghad. Deimhneoidh an iniúchóireacht go bhfuil airgead agus sócmhainní á sealbhú in ainm an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus go bhfuil an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach tar éis taifid agus seiceálacha leormhaithe a bhunú agus a chothabháil i leith úsáid aon sainordú nó rialaithe ar airgead agus ar shócmhainní an chiste fiontraíochta sóisialta cháilithigh agus na hinfheisteoirí ann.
|
|
Airteagal 13 4.
|
I gcás ina gceanglófar ar an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach tuarascáil bhliantúil airgeadais a phoibliú i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis faoi eisitheoirí a ligtear a gcuid urrús isteach chun a trádála ar mhargadh rialaithe (
3
) i dtaca leis an gciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 den Airteagal seo a thabhairt go leithleach nó mar chuid bhreise den tuarascáil bhliantúil airgeadais.
|
|
Airteagal 13 5.
|
Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an fhaisnéis ar fad a bhailítear faoin Airteagal seo ar fáil d’údarás inniúil gach ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach lena mbaineann, d’údarás inniúil gach Ballstáit óstaigh lena mbaineann agus do ÚEUM go tráthúil trí mheán an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0346
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|