+Airteagal 15
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.
---+Airteagal 15 6.
---+Airteagal 15 7.
---+Airteagal 15 8.
---+Airteagal 15 9.

Airteagal 15

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 15 1.

Bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a bhfuil sé de rún acu an sonrúchán “EuSEF” a úsáid chun a gcuid cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a mhargú, cuirfidh siad údarás inniúil a mBallstáit baile ar an eolas faoin rún sin agus cuirfidh siad an fhaisnéis seo a leanas ar fáil:

(a) 

céannacht na ndaoine a dhéanann bainistíocht na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a sheoladh go héifeachtach;

(b) 

céannacht na gcistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha sin a ndéanfar a n-aonaid nó a scaireanna a mhargú agus a straitéisí infheistíochta;

(c) 

faisnéis faoi na socruithe a rinneadh maidir le ceanglais Chaibidil II a chomhlíonadh;

(d) 

liosta de Bhallstáit a bhfuil sé beartaithe ag an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach gach ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a mhargú iontu.

▼M1 —————

▼B

Airteagal 15 2.

Ní dhéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit baile an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a chlárú ach amháin má comhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go bhfuil na daoine a dhéanann gnó bainistithe cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha go héifeachtach de cháil sách maith agus go bhfuil taithí go leor freisin acu i ndáil leis na straitéisí infheistíochta arna saothrú ag an mbainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach;

(b) 

go bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear dá dtagraítear faoi mhír 1 iomlán;

(c) 

go bhfuil na socruithe a fhógraítear faoi phointe (c) de mhír 1 oiriúnach chun ceanglais Chaibidil II a chomhlíonadh.

▼M1 —————

▼B

Airteagal 15 3.
Beidh an clárú faoin Airteagal seo bailí i gcríoch iomlán an Aontais agus fágfaidh sé go bhféadfaidh bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha margaíocht a dhéanamh ar chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha faoin sonrúchán “EuSEF” ar fud an Aontais.
Airteagal 15 4.
Déanfaidh an t-údarás inniúil an Bhallstáit bhaile an bainisteoir amhail dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an eolas, cuirfidh údarás inniúil a mBallstáit baile iad ar an eolas faoi cé acu ar cláraíodh nó nár cláraíodh é mar bhainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach, tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis dóibh an fhaisnéis ar fad dá dtagraítear sa mhír sin a sholáthar.
Airteagal 15 5.
Beidh gach clárú a dhéanfar i gcomhréir leis an Airteagal seo ina chlárú chun críocha Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE maidir le bainistiú cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha.
Airteagal 15 6.
Maidir le bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach amhail dá dtagraítear san Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra d’údarás inniúil an Bhallstáit bhaile maidir le haon athruithe ábharacha ar na coinníollacha do chlárú tosaigh i gcomhréir leis an Airteagal seo sula gcuirfear athruithe den sórt sin chun feidhme.

Má chineann údarás inniúil an Bhallstáit bhaile ceanglais a fhorchur nó diúltú do na hathruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh sé an bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach a chur ar an eolas laistigh d’aon mhí amháin ón bhfógra de na hathruithe sin a fháil. Féadfaidh an t-údarás inniúil fadú suas le haon mhí amháin a chur leis an tréimhse sin i gcás ina measann sé gur gá sin mar gheall ar shaintosca an cháis, tar éis dó fógra a thabhairt do bhainisteoir an chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach. Féadfar na hathruithe sin a chur chun feidhme mura gcuirfidh an t-údaras inniúil ábhartha i gcoinne na n-athruithe laistigh den tréimhse mheasúnaithe ábhartha.

Airteagal 15 7.
D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le tabhairt do na húdaráis inniúla san iarratas ar chlárú mar a leagtar amach i mír 1 a shonrú tuilleadh agus chun na coinníollacha mar a leagtar amach i mír 2, a shonrú tuilleadh.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 15 8.
D’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a cheapadh maidir le foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha i gcomhair sholáthar na faisnéise do na húdaráis inniúla san iarratas ar chlárú a leagtar amach i mír 1 agus sna coinníollacha a leagtar amach i mír 2.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 15 9.
Déanfaidh ÚEUM athbhreithnithe piaraí a eagrú agus a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun comhsheasmhacht na bpróiseas clárúcháin arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo a neartú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0346
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.