+Airteagal 27
---+Airteagal 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 3.
---+Airteagal 27 4.
|
Airteagal 27
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27 1.
|
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo i gcomhréir le mír 2. Beidh ar áireamh san athbhreithniú sin suirbhé ginearálta ar fheidhmiú na rialacha sa Rialachán seo agus an taithí a fuarthas le linn iad a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear:
(a)
an úsáid, cibé acu ar bhonn intíre nó ar bhonn trasteorann, a bhain bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha i mBallstáit éagsúla as an sonrúchán “EuSEF”;
(b)
dáileadh geografach agus earnálach na n-infheistíochtaí a ghabh cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha de láimh;
(c)
oiriúnacht na gceanglas faisnéise faoi Airteagal 14, go háirithe cibé ar leor iad chun a chur ar chumas infheisteoirí cinneadh eolasach a dhéanamh maidir le hinfheistíocht;
(d)
an úsáid a bhain cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha as na hinfheistíochtaí cáilitheacha éagsúla agus an tionchar a bhí ag an úsáid sin ar fhorbairt gnóthas sóisialta ar fud an Aontais;
(e)
oiriúnacht lipéad Eorpach a bhunú i gcomhair “fiontair shóisialta”;
(f)
an fhéidearthacht cistí fiontraíochta sóisialta arna mbunú i dtríú tír a cheadú úsáid a bhaint as an sonrúchán “EuSEF” ag cur san áireamh taithí ó chur i bhfeidhm Mholadh an Choimisiúin maidir le bearta lena mbeartaítear spreagadh a thabhairt do thríú tíortha íoschaighdeáin dea-rialachais i gcúrsaí cánach a chur i bhfeidhm;
(g)
cur i bhfeidhm praiticiúil na gcritéar maidir le gnóthais phunainne cháilitheacha a aithint agus an tionchar a bhí aige sin ar fhorbairt gnóthas sóisialta ar fud an Aontais agus a dtionchar sóisialta dearfach;
(h)
anailís ar na nósanna imeachta a chuireann bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha i bhfeidhm chun iarmhairt shóisialta dhearfach a thomhas a ghineann na gnóthais phunainne cháilitheacha dá dtagraítear in Airteagal 10 agus measúnú ar an bhféidearthacht caighdeáin chomhchuibhithe a thabhairt isteach chun an iarmhairt shóisialta a thomhas ar leibhéal an Aontais ar bhealach atá comhsheasmhach le beartas sóisialta an Aontais;
(i)
an deis margú cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a leathnú amach chun infheisteoirí miondíola;
(j)
oiriúnacht cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a áireamh laistigh de shócmhainní incháilithe faoi Threoir 2009/65/CE;
(k)
oiriúnacht an Rialachán seo a chomhlánú le córas taisclainne;
(l)
scrúdú ar na constaicí cánach féideartha le haghaidh cistí fiontraíochta sóisialta agus measúnú ar dhreasachtaí cánach féideartha atá dírithe ar fhiontraíocht shóisialta a spreagadh san Aontas;
(m)
meastóireacht ar aon bhacainní a d’fhéadfadh bac a chur ar infheistíocht i gcistí ag úsáid an tsonrúcháin “EuSEF”, lena n-áirítear an iarmhairt a bheadh ag dlí eile an Aontais de chineál stuamachta ar infheisteoirí institiúideacha.
|
|
Airteagal 27 2.
|
Déanfar an t-athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1:
(a)
faoin
►M1
2 Márta 2022 ◄ maidir le pointí (a) go (e) agus (g) go (m); agus
(b)
faoin 22 Iúil 2015 maidir le pointe (f).
|
|
Airteagal 27 3.
|
Tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1 agus tar éis dul i gcomhairle le ÚEUM, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil agus aon togra reachtach a ghabhann léi, de réir mar is iomchuí, a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
|
|
Airteagal 27 4.
|
I gcomhthreo leis an athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 69 de Threoir 2011/61/AE, go háirithe maidir le bainisteoirí atá cláraithe faoi phointe (b) d’Airteagal 3(2) den Treoir sin, déanfaidh an Coimisiún anailís ar an méid seo a leanas:
(a)
bainistiú cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus a iomchuí a bheadh sé athruithe a chur ar an gcreat dlíthiúil, lena n-áirítear an rogha a bhaineann le pas bainistíochta; agus
(b)
oiriúnacht an tsainmhínithe ar mhargú le haghaidh cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus an tionchar a bheidh ag an sainmhíniú sin agus ag léirithe náisiúnta éagsúla de ar oibriú agus ar infheictheacht cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha agus ar leithdháileadh trasteorann cistí den sórt sin.
Tar éis an athbhreithnithe sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a mbeidh, más iomchuí, togra reachtach ag gabháil léi.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0346
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|