|
+Airteagal 27 1. |
Airteagal 27 1.Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo i gcomhréir le mír 2. Beidh ar áireamh san athbhreithniú sin suirbhé ginearálta ar fheidhmiú na rialacha sa Rialachán seo agus an taithí a fuarthas le linn iad a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear:
(a)
an úsáid, cibé acu ar bhonn intíre nó ar bhonn trasteorann, a bhain bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha i mBallstáit éagsúla as an sonrúchán “EuSEF”;
(b)
dáileadh geografach agus earnálach na n-infheistíochtaí a ghabh cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha de láimh;
(c)
oiriúnacht na gceanglas faisnéise faoi Airteagal 14, go háirithe cibé ar leor iad chun a chur ar chumas infheisteoirí cinneadh eolasach a dhéanamh maidir le hinfheistíocht;
(d)
an úsáid a bhain cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha as na hinfheistíochtaí cáilitheacha éagsúla agus an tionchar a bhí ag an úsáid sin ar fhorbairt gnóthas sóisialta ar fud an Aontais;
(e)
oiriúnacht lipéad Eorpach a bhunú i gcomhair “fiontair shóisialta”;
(f)
an fhéidearthacht cistí fiontraíochta sóisialta arna mbunú i dtríú tír a cheadú úsáid a bhaint as an sonrúchán “EuSEF” ag cur san áireamh taithí ó chur i bhfeidhm Mholadh an Choimisiúin maidir le bearta lena mbeartaítear spreagadh a thabhairt do thríú tíortha íoschaighdeáin dea-rialachais i gcúrsaí cánach a chur i bhfeidhm;
(g)
cur i bhfeidhm praiticiúil na gcritéar maidir le gnóthais phunainne cháilitheacha a aithint agus an tionchar a bhí aige sin ar fhorbairt gnóthas sóisialta ar fud an Aontais agus a dtionchar sóisialta dearfach;
(h)
anailís ar na nósanna imeachta a chuireann bainisteoirí um chistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha i bhfeidhm chun iarmhairt shóisialta dhearfach a thomhas a ghineann na gnóthais phunainne cháilitheacha dá dtagraítear in Airteagal 10 agus measúnú ar an bhféidearthacht caighdeáin chomhchuibhithe a thabhairt isteach chun an iarmhairt shóisialta a thomhas ar leibhéal an Aontais ar bhealach atá comhsheasmhach le beartas sóisialta an Aontais;
(i)
an deis margú cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a leathnú amach chun infheisteoirí miondíola;
(j)
oiriúnacht cistí fiontraíochta sóisialta cáilitheacha a áireamh laistigh de shócmhainní incháilithe faoi Threoir 2009/65/CE;
(k)
oiriúnacht an Rialachán seo a chomhlánú le córas taisclainne;
(l)
scrúdú ar na constaicí cánach féideartha le haghaidh cistí fiontraíochta sóisialta agus measúnú ar dhreasachtaí cánach féideartha atá dírithe ar fhiontraíocht shóisialta a spreagadh san Aontas;
(m)
meastóireacht ar aon bhacainní a d’fhéadfadh bac a chur ar infheistíocht i gcistí ag úsáid an tsonrúcháin “EuSEF”, lena n-áirítear an iarmhairt a bheadh ag dlí eile an Aontais de chineál stuamachta ar infheisteoirí institiúideacha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|