+CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
---+Airteagal 1 Ábhar
---+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 Rialacha is infheidhme
---+Airteagal 4 Conradh TPPU
------+Airteagal 4 1.
------+Airteagal 4 2.
|
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 Ábhar
|
Airteagal 1
Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha aonfhoirmeacha maidir le clárú, monarú, dáileadh agus maoirsiú táirgí pinsin phearsanta a dháiltear san Aontas faoin ainmníocht “táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach” nó “TPPU”.
|
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
|
Airteagal 2
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “táirge pinsin phearsanta” táirge:
(a)
atá bunaithe ar chonradh idir coigilteoir aonair agus eintiteas ar bhonn deonach agus atá ina chomhlánú ar aon táirge pinsin reachtúil nó cheirde;
(b)
ina ndéantar foráil do charnadh caipitil fadtéarmach leis an gcuspóir sainráite ioncam a sholáthar tráth scoir agus lena ngabhann féidearthachtaí teoranta chun aistarraingt luath a dhéanamh roimh an tráth sin;
(c)
nach táirge pinsin reachtúil ná cheirde é;
(2)
►C1
ciallaíonn “Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach” nó “TPPU” táirge pinsin phearsanta coigiltis fhadtéarmaigh, arna sholáthar faoi chonradh TPPU ag gnóthas airgeadais atá incháilithe de réir Airteagal 6(1), ◄ agus a shuibscríobhann coigilteoir TPPU leis, nó comhlachas neamhspleách coigilteoirí TPPU thar ceann a chomhaltaí, ar mhaithe le dul ar scor, a bhfuil infhuascailteacht luath an-teoranta nó nach bhfuil aon infhuascailteacht luath ag baint leis, agus atá cláraithe i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(3)
ciallaíonn “coigilteoir TPPU” duine nádúrtha a bhfuil conradh tugtha i gcrích aige le soláthraí TPPUnna;
(4)
ciallaíonn “conradh TPPU” conradh idir coigilteoir TPPU agus soláthraí TPPUnna lena gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4;
(5)
ciallaíonn “cuntas TPPU” cuntas pinsin phearsanta atá á choinneáil in ainm coigilteora TPPU nó tairbhí TPPU a úsáidtear chun idirbhearta a thaifeadadh lena gceadaítear don choigilteoir ranníocaíochtaí a dhéanamh go tréimhsiúil i ndáil lena dhul ar scor agus don tairbhí TPPU sochair TPPU a fháil;
(6)
ciallaíonn “tairbhí TPPU” duine nádúrtha a fhaigheann sochair TPPU;
(7)
ciallaíonn “custaiméir TPPU” coigilteoir TPPU, coigilteoir TPPU ionchasach nó tairbhí TPPU;
(8)
►C1
ciallaíonn “dáileadh TPPU” comhairle a thabhairt ◄ i dtaobh, moladh a dhéanamh i dtaobh, nó dul d’obair eile is ullmhúchán do chonarthaí maidir le soláthar TPPU a thabhairt i gcrích, na conarthaí sin a thabhairt i gcrích, nó cuidiú leis na conarthaí sin a riar agus a fheidhmiú, lena n-áirítear faisnéis a sholáthar maidir le conradh TPPU amháin nó níos mó i gcomhréir leis na critéir arna roghnú ag custaiméirí TPPU trí shuíomh gréasáin nó trí mheán eile agus liosta rangaithe TPPU a thiomsú, lena n-áirítear comparáid idir praghsanna agus táirgí, nó lascaine ar phraghas TPPU, i gcás ina bhfuil sé ar chumas an chustaiméara TPPU conradh TPPU a thabhairt i gcrích go díreach nó go hindíreach trí úsáid a bhaint as suíomh gréasáin nó meán eile;
(9)
ciallaíonn “sochair scoir TPPU” sochair a íoctar de bharr aois scoir a bhaint amach, nó de bharr an ionchais go mbainfear é sin amach, i gceann de na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 58(1);
(10)
ciallaíonn “sochair TPPU” sochair scoir TPPU agus sochair bhreise eile a bhfuil tairbhí TPPU ina dteideal i gcomhréir leis an gconradh TPPU, go háirithe maidir leis na cásanna atá teoranta go docht d’fhuascailt luath nó má sholáthraítear cumhdach rioscaí bithmhéadracha leis an gconradh TPPU;
(11)
ciallaíonn “céim an charntha” an tréimhse ina ndéantar sócmhainní a charnadh i gcuntas TPPU agus arb iondúil go leanann sé ar aghaidh go dtí go dtosóidh céim an dícharntha;
(12)
ciallaíonn “céim an dícharntha” an tréimhse ina bhféadfar tarraingt ar na sócmhainní i gcuntas TPPU chun riachtanais scoir nó riachtanais ioncaim eile a chistiú;
(13)
ciallaíonn “blianacht” suim is féidir a íoc ag eatraimh shonraithe thar thréimhse, amhail saol thairbhí an TPPU nó líon áirithe blianta, i gcomaoin infheistíochta;
(14)
ciallaíonn “íocaíochtaí íostarraingthe” méideanna lánroghnacha a bhféadfaidh tairbhithe TPPU iad a tharraingt faoi réir teorainn áirithe ar bhonn tréimhsiúil;
(15)
ciallaíonn “soláthraí TPPUnna” gnóthas airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1) atá údaraithe chun TPPU a mhonarú agus an TPPU sin a dháileadh;
(16)
ciallaíonn “dáileoir TPPUnna” gnóthas airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1) atá údaraithe chun TPPUnna nár mhonaraigh sé féin a dháileadh, gnólacht infheistíochta a sholáthraíonn comhairle infheistíochta, nó idirghabhálaí árachais mar a shainmhínítear é i bpointe (3) d’Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
);
(17)
ciallaíonn “meán marthanach” aon ionstraim:
(a)
lena gcuirtear de chumas ar chustaiméir TPPU faisnéis a seoladh chuig an gcustaiméir sin go pearsanta a stóráil ar bhealach inrochtana mar phointe tagartha amach anseo agus go ceann tréimhse atá leordhóthanach chun críocha na faisnéise; agus
(b)
lenar féidir an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú;
(18)
ciallaíonn “údaráis inniúla” údaráis náisiúnta arna n-ainmniú ag Ballstát chun maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe TPPUnna nó ar dháileoirí TPPUnna, de réir mar a bheidh, nó chun na dualgais dá bhforáiltear sa Rialachán seo a dhéanamh;
(19)
ciallaíonn “Ballstát baile an tsoláthraí TPPUnna” Ballstát baile mar a shainmhínítear é sa ghníomh reachtach ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 6(1);
(20)
ciallaíonn “Ballstát baile an dáileora TPPUnna” an méid seo a leanas:
(a)
i gcás inar duine nádúrtha é an dáileoir, an Ballstát ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi;
(b)
i gcás inar duine dlítheanach é an dáileoir, an Ballstáit ina bhfuil a oifig chláraithe lonnaithe nó, i gcás nach bhfuil oifig chláraithe ag an dáileoir faoina dhlí náisiúnta, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig lonnaithe;
(21)
►C1
ciallaíonn “Ballstát óstach an soláthraí TPPUnna” Ballstát, seachas Ballstát baile an soláthraí TPPUnna, ina ndéanann an soláthraí TPPUnna TPPUnna a sholáthar faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó faoin tsaoirse bhunaíochta nó ar ina leith atá fochuntas oscailte ag an soláthraí TPPUnna; ◄
(22)
ciallaíonn “Ballstát óstach an dáileora TPPUnna” Ballstát, seachas Ballstát baile an dáileora TPPUnna, ina ndéanann dáileoir an TPPUnna TPPUnna a dháileadh faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar nó faoin tsaoirse bhunaíochta;
(23)
ciallaíonn “fochuntas” rannán náisiúnta a osclaítear laistigh de gach aon chuntas TPPU agus a chomhfhreagraíonn do na ceanglais agus coinníollacha dlí chun úsáid a bhaint as dreasachtaí féideartha arna socrú ar an leibhéal náisiúnta maidir le hinfheistiú in TPPU ag an mBallstát ina bhfuil áit chónaithe an choigilteora TPPU; dá réir sin, féadfaidh duine aonair a bheith ina choigilteoir TPPU nó ina thairbhí TPPU i ngach fochuntas, ag brath ar na ceanglais dlí faoi seach do chéim an charntha agus do chéim an dícharntha;
(24)
ciallaíonn “caipiteal” ranníocaíochtaí caipitil comhiomlána, arna ríomh ar bhonn méideanna in-infheistithe tar éis na táillí, na muirir agus na speansais uile a iompraíonn coigilteoirí TPPU go díreach nó go hindíreach a asbhaint;
(25)
ciallaíonn “ionstraimí airgeadais” na hionstraimí sin a shonraítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
);
(26)
ciallaíonn “taisclann” institiúid a bhfuil sé de chúram uirthi sócmhainní a choimeád slán agus comhlíonadh na rialacha maidir le cistí agus an dlí is infheidhme a fhormhaoirsiú:
(27)
ciallaíonn “TPPU bunúsach” rogha infheistíochta mar a leagtar síos in Airteagal 45;
(28)
ciallaíonn “teicnící maolaithe riosca” teicnící chun méid na neamhchosanta ar riosca agus/nó ar an dóchúlacht go dtarlódh sé a mhaolú go córasach;
(29)
ciallaíonn “rioscaí bithmhéadracha” rioscaí atá nasctha le bás, le míchumas agus/nó le fad saoil;
(30)
ciallaíonn “soláthraithe a mhalartú” na méideanna comhfhreagracha, nó i gcás inarb infheidhme na sócmhainní comhchineáil a aistriú, arna iarraidh sin ag coigilteoir TPPU, ó sholáthraí TPPUnna amháin go soláthraí TPPUnna eile i gcomhréir le hAirteagal 52(4), ó chuntas TPPU amháin chuig an gcuntas eile, agus an t-iarchuntas TPPU a dhúnadh gan dochar d’fhorálacha phointe (e) d’Airteagal 53(4);
(31)
ciallaíonn “comhairle” moladh pearsanta arna sholáthar ag an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna do chustaiméir TPPU, i dtaca le conradh TPPU amháin nó níos mó;
(32)
ciallaíonn “comhpháirtíocht” comhar idir soláthraithe TPPUnna chun fochuntais a thairiscint i mBallstáit éagsúla i gcomhthéacs na seirbhíse iniomparthachta, amhail dá dtagraítear in Airteagal 19(2);
(33)
ciallaíonn “tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais” nó “tosca ESG” tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais amhail iad siúd dá dtagraítear i gComhaontú Pháras, i Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine agus sna Prionsabail um Infheistíocht Fhreagrach lena dtacaíonn na Náisiúin Aontaithe.
|
|
Airteagal 3 Rialacha is infheidhme
|
Airteagal 3
Beidh clárú, monarú, daileadh agus maoirsiú TPPUnna faoi réir an méid seo a leanas:
(b)
i gcás nithe nach rialáiltear leis an Rialachán seo:
(i)
dlí earnálach ábhartha an Aontais lena n-áirítear na gníomhartha comhfhreagracha tarmligthe agus cur chun feidhme;
(ii)
dlíthe arna nglacadh ag na Ballstáit tráth dlí earnálach ábhartha an Aontais a bheith á chur chun feidhme agus tráth bearta a bhaineann go sonrach le TPPUnna a bheith á gcur chun feidhme;
(iii)
dlíthe náisiúnta eile a bhfuil feidhm acu maidir le TPPUnna.
|
|
Airteagal 4 Conradh TPPU
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1238
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|