|
+Airteagal 4 2. |
Airteagal 4 2.Áireofar an méid seo a leanas go háirithe sa chonradh TPPU:
(a)
►C1 tuairisc ar an TPPU Bunúsach, amhail dá dtagraítear in Airteagal 45, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an ráthaíocht ar chaipiteal arna infheistiú nó leis an straitéis infheistíochta atá dírithe ar chosaint chaipitil a áirithiú; ◄
(b)
tuairisc ar na roghanna infheistíochta malartacha, amhail dá dtagraítear in Airteagal 42(2), i gcás inarb infheidhme;
(c)
na coinníollacha a bhaineann le modhnú na rogha infheistíochta amhail dá dtagraítear in Airteagal 44;
(d)
i gcás ina dtairgtear cumhdach rioscaí bithmhéadracha leis an TPPU, mionsonraí an chumhdaigh sin, lena n-áirítear na cúinsí lena dtionscnófaí é;
(e)
tuairisc ar shochair scoir an TPPU, go háirithe na cineálacha féideartha eisíocaíochtaí agus an ceart chun athrú a dhéanamh ar an gcineál eisíocaíochta amhail dá dtagraítear in Airteagal 59;
(f)
na coinníollacha a bhaineann leis an tseirbhís iniomparthachta amhail dá dtagraítear in Airteagail 17 go 20 lena n-áirítear faisnéis faoi na Ballstáit a bhfuil fochuntas ar fáil ina leith;
(g)
►C1 na coinníollacha a bhaineann leis an tseirbhís mhalartaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 52 go 55; ◄
(h)
na catagóirí costas agus iomlán na gcostas comhiomlán arna sloinneadh i dtéarmaí céatadáin agus i dtéarmaí airgeadaíochta, i gcás inarb infheidhme;
(i)
na coinníollacha a bhaineann le céim an charntha don fhochuntas a chomhfhreagraíonn do Bhallstát cónaithe an choigilteora TPPU amhail dá dtagraítear in Airteagal 47;
(j)
na coinníollacha a bhaineann le céim an dícharntha don fhochuntas a chomhfhreagraíonn do Bhallstát cónaithe an choigilteora TPPU amhail dá dtagraítear in Airteagal 57;
(k)
i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha faoina mbeidh buntáistí agus dreasachtaí arna ndeonú le haisíoc le Ballstát cónaithe an choigilteora TPPU. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|