+Airteagal 8 Coinníollacha le haghaidh díchlárú TPPU
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
---+Airteagal 8 7.
|
Airteagal 8 Coinníollacha le haghaidh díchlárú TPPU
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
Eiseoidh na húdaráis inniúla cinneadh maidir le díchlárú an TPPU nuair is amhlaidh:
(a)
go ndéanann an soláthraí TPPUnna an clárúchán a thréigean go sainráite;
(b)
go ndearna an soláthraí TPPUnna an clárúchán a fháil trí ráitis bhréige a dhéanamh nó trí aon mhodhanna neamhrialta eile;
(c)
go ndéanann an soláthraí TPPUnna an Rialachán seo a shárú go tromchúiseach nó go córasach; nó
(d)
nach ndéanann an soláthraí TPPUnna nó an TPPU na coinníollacha faoinar deonaíodh an clárúchán a chomhlíonadh a thuilleadh.
|
|
Airteagal 8 2.
|
Laistigh de 5 lá oibre ó chinneadh a ghlacadh maidir le díchlárú an TPPU, déanfaidh na húdaráis inniúla an cinneadh sin a chur in iúl do ÚEÁPC agus cuirfidh siad an soláthraí TPPUnna ar an eolas faoi dá réir.
|
|
Airteagal 8 3.
|
►C1
Laistigh de 5 lá oibre ón bhfógra maidir leis an gcinneadh maidir le díchlárú amhail dá dtagraítear i mír 2 a fháil, déanfaidh ÚEÁPC an TPPU a dhíchlárú agus tabharfaidh sé fógra ina thaobh dá réir sin do na húdaráis inniúla. ◄
|
|
Airteagal 8 4.
|
►C1
Laistigh de 5 lá oibre ón bhfógra maidir le díchlárú an TPPU amhail dá dtagraítear i mír 3 a fháil, lena n‐áirítear dáta an díchláraithe, cuirfidh na húdaráis inniúla an soláthraí TPPUnna ar an eolas faoi dá réir. ◄
|
|
Airteagal 8 5.
|
Ní dhéanfaidh an soláthraí TPPUnna an TPPU a sholáthar a thuilleadh agus ní dhéanfaidh an dáileoir TPPUnna an TPPU a dháileadh a thuilleadh amhail ón dáta a dhíchlárófar an TPPU sa chlár lárnach poiblí amhail dá dtagraítear in Airteagal 13.
|
|
Airteagal 8 6.
|
I gcás ina mbeidh faisnéis faighte ag ÚEÁPC maidir le ceann de na himthosca dá dtagraítear i bpointí (b) nó (c) de mhír 1 den Airteagal seo a bheith ann, i gcomhréir leis an dualgas comhair idir na húdaráis inniúla agus ÚEÁPC dá dtagraítear in Airteagal 66, iarrfaidh ÚEÁPC ar údaráis inniúla an tsoláthraí TPPUnna a fhíorú gurb ann do na himthosca sin agus déanfaidh na húdaráis inniúla a dtátail agus an fhaisnéis chomhfhreagrach a thíolacadh do ÚEÁPC.
|
|
Airteagal 8 7.
|
Sula ndéanfaidh siad cinneadh maidir leis an TPPU a dhíchlárú, déanfaidh na húdaráis inniúla agus ÚEÁPC a ndícheall chun a áirithiú go ndéanfar leasanna na gcoigilteoirí TPPU a choimirciú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1238
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|