+Airteagal 34 Éilimh agus riachtanais a shonrú agus comhairle a sholáthar
---+Airteagal 34 1.
---+Airteagal 34 2.
---+Airteagal 34 3.
---+Airteagal 34 4.
---+Airteagal 34 5.
---+Airteagal 34 6.
|
Airteagal 34 Éilimh agus riachtanais a shonrú agus comhairle a sholáthar
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 34 1.
|
Sula dtabharfar conradh TPPU chun críche, déanfaidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna, ar bhonn na faisnéise a éilíodh ar an gcoigilteoir TPPU ionchasach, agus a fuarthas uaidh, éilimh agus riachtanais an choigilteora TPPU ionchasaigh sin a bhaineann le scor a shonrú, lena n-áirítear an gá a d’fhéadfadh a bheith le táirge a fháil lena dtairgtear blianachtaí, agus soláthróidh sé don choigilteoir TPPU ionchasach faisnéis oibiachtúil maidir leis an TPPU i bhfoirm shothuigthe chun go mbeidh an coigilteoir TPPU in ann cinneadh eolasach a dhéanamh. Beidh aon chonradh TPPU a mholfar comhsheasmhach le héilimh agus riachtanais an choigilteora TPPU a bhaineann le scor, agus a theidlíochtaí nó a teidlíochtaí fabhraithe scoir á gcur san áireamh.
|
|
Airteagal 34 2.
|
Déanfaidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna comhairle a thabhairt don choigilteoir TPPU ionchasach sula ndéanfar an conradh TPPU a thabhairt i gcrích agus soláthrófar moladh pearsantaithe don choigilteoir TPPU ionchasach ina míneofar cén fáth ar fearr a chomhlíonfadh TPPU ar leith, lena n-áirítear rogha infheistíochta ar leith, más infheidhme, éilimh agus riachtanais an choigilteora TPPU. Ina theannta sin, soláthróidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna réamh-mheastacháin sochair pinsin phearsanta don choigilteoir TPPU ionchasach i leith an táirge arna mholadh bunaithe ar an dáta is luaithe ar a bhféadfar tús a chur le céim an dícharntha agus mar aon le séanadh go bhféadfaidh na meastacháin sin a bheith éagsúil le luach deiridh na sochar a gheofar. Má bhíonn na réamh-mheastacháin sochair pinsin bunaithe ar chásanna eacnamaíocha, áireofar san fhaisnéis sin freisin an cás is fearr de réir na meastachán agus cás neamhfhabhrach, agus cineál sonrach an chonartha TPPU á chur san áireamh;
|
|
Airteagal 34 3.
|
Má thairgtear TPPU Bunúsach d’uireasa, ar a laghad, ráthaíocht ar an gcaipiteal, míneoidh an soláthraí TPPU nó an dáileoir TPPUnna go soiléir gur ann do TPPUnna lena ngabhann ráthaíocht ar an gcaipiteal, na cúiseanna le TPPU a mholadh bunaithe ar theicníc maolaithe riosca atá comhsheasmhach leis an gcuspóir atá ann maidir le ceadú don choigilteoir TPPU an caipiteal a fhorchúiteamh agus léireoidh sé go soiléir aon rioscaí breise a d’fhéadfadh a bheith i gceist le TPPUnna den chineál sin i gcomparáid le TPPU Bunúsach atá bunaithe ar ráthaíocht chaipitil lena soláthraítear ráthaíocht ar an gcaipiteal. Is i bhformáid scríofa a thabharfar an míniú sin.
|
|
Airteagal 34 4.
|
Agus comhairle tabhairt aige, iarrfaidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 23(1) den Rialachán seo ar an gcoigilteoir TPPU ionchasach faisnéis a sholáthar maidir le heolas agus taithí an duine sin sa réimse infheistíochta atá ábhartha don TPPU arna thairiscint nó arna éileamh agus le staid airgeadais an duine sin, lena n-áirítear a chumas nó a cumas caillteanais a iompar, agus a chuspóirí nó a cuspóirí infheistíochta, lena n-áirítear a lamháltas riosca, ionas go mbeidh an soláthraí TPPUnna nó an dáileoir TPPUnna in ann TPPU amháin nó níos mó a bheidh oiriúnach don duine sin a mholadh don choigilteoir TPPU ionchasach agus, go háirithe, TPPU amháin nó níos mó a bheidh i gcomhréir lena lamháltas nó lena lamháltas riosca agus lena chumas nó a cumas caillteanais a iompar.
|
|
Airteagal 34 5.
|
Ní laghdófar freagrachtaí an tsoláthraí TPPUnna nó an dáileora TPPUnna mar gheall ar chomhairle a bheith tugtha go hiomlán nó go páirteach trí chóras uathoibrithe nó leath-uathoibríoch.
|
|
Airteagal 34 6.
|
Gan dochar don dlí earnálach is infheidhme atá níos déine, áiritheoidh soláthraithe TPPUnna agus dáileoirí TPPUnna go mbeidh an t-eolas agus an inniúlacht is gá ag daoine nádúrtha a thugann comhairle maidir le TPPUnna chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus léireoidh siad an méid sin do na húdaráis inniúla arna iarraidh sin. Foilseoidh na Ballstáit na critéir a bheidh le húsáid chun measúnú a dhéanamh ar an gcineál sin eolais agus inniúlachta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1238
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|