+Airteagal 67 Pionóis riaracháin agus bearta eile
---+Airteagal 67 1.
---+Airteagal 67 2.
---+Airteagal 67 3.
---+Airteagal 67 4.
---+Airteagal 67 5.
|
Airteagal 67 Pionóis riaracháin agus bearta eile
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 67 1.
|
Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta na n-údarás inniúil ná do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh do smachtbhannaí coiriúla agus iad a fhorchur, déanfaidh na Ballstáit na rialacha a leagan síos maidir le pionóis riaracháin iomchuí agus bearta eile a bheidh infheidhme maidir le cásanna arb ionann iad agus sárú ar an Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis riaracháin agus na bearta eile sin dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan rialacha le haghaidh pionóis riaracháin dá dtagraitear sá chéad fhomhír a leagan síos maidir le sáruithe atá faoi réir smachtbhannaí coiriúla faoina ndlí náisiúnta. Faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do ÚEÁPC maidir leis na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír. Tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ÚEÁPC faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin orthu.
|
|
Airteagal 67 2.
|
Beidh feidhm ag na pionóis riaracháin agus na bearta eile a leagtar síos i mír 3 den Airteagal seo ar a laghad maidir leis na cásanna seo a leanas:
(a)
i gcás ina mbeidh clárúchán TPPU faighte ag gnóthas airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 6(1) trí ráitis bhréagacha nó mhíthreoracha a thabhairt nó ar aon mhodh neamhrialta eile de shárú ar Airteagail 6 agus 7;
(b)
►C1
i gcás ina ndéanfaidh gnóthas airgeadais amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1) táirgí a bhfuil an ainmníocht “Táirge Pinsin Phearsanta uile-Eorpach” ◄ nó “TPPU” orthu a sholáthar nó a dháileadh faoi seach gan an clárúchán is gá a bheith acu;
(c)
i gcás nach mbeidh an tseirbhís iniomparthachta soláthartha ag soláthraí TPPUnna de shárú ar Airteagal 18 nó Airteagal 19 nó nach mbeidh an fhaisnéis faoin tseirbhís sin a cheanglaítear faoi Airteagal 20 agus Airteagal 21 soláthartha aige, nó nach mbeidh na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil IV, i gCaibidil V, in Airteagail 48 agus 50, agus i gCaibidil VII comhlíonta aige;
(d)
►C1
i gcás nach mbeidh a dualgais formhaoirseachta faoi Airteagal 48 comhlíonta ag taisclann. ◄
|
|
Airteagal 67 3.
|
Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, foráil don chumhacht a bheith ag údaráis inniúla na pionóis riaracháin agus bearta eile seo a leanas ar a laghad a fhorchur i ndáil leis na cásanna dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo:
(a)
ráiteas poiblí, ina léireofar céannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh agus cineál an tsáraithe i gcomhréir le hAirteagal 69;
(b)
ordú lena gceanglófar ar an duine nádúrtha nó dlítheanach scor den iompraíocht agus staonadh ón iompraíocht sin a dhéanamh an athuair;
(c)
toirmeasc sealadach ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta, maoirseachta nó riaracháin an ghnóthais airgeadais, nó ar aon duine nádúrtha eile, a chinnfear a bheith freagrach, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i ngnóthais den sórt sin;
(d)
i gcás duine dlítheanach, fíneálacha riaracháin uasta de EUR 5 000 000 ar a laghad nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 14 Lúnasa 2019;
(e)
i gcás duine dlítheanach, féadfaidh na fíneálacha riaracháin uasta dá dtagraítear i bpointe (d) a bheith chomh hard le 10 % den láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas is déanaí a bheidh ar fáil agus a bheidh formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, maoirseachta nó riaracháin; i gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid an mháthairghnóthais é an duine dlítheanach ar gá dó cuntais airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
7
), is éard a bheidh sa láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha ná an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál ioncaim chomhfhreagraigh i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha cuntasaíochta ábhartha de réir na gcuntas comhdhlúite is déanaí atá ar fáil agus atá formheasta ag comhlacht bainistíochta, maoirseachta nó riaracháin an mháthairghnóthais deiridh;
(f)
i gcás duine nádúrtha, fíneálacha riaracháin airgid uasta de EUR 700 000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 14 Lúnasa 2019;
(g)
fíneálacha riaracháin uasta de suas le dhá oiread mhéid an tsochair a díorthaíodh ón sárú, i gcás inar féidir an sochar sin a chinneadh, fiú más rud é gur mó é sin ná na uasmhéideanna i bpointe (d), (e) nó (f) faoi seach.
|
|
Airteagal 67 4.
|
Aon chinneadh lena bhforchuirfear pionóis riaracháin nó bearta eile a leagtar amach sa chéad fhomhír de mhír 1 agus i mír 3, beidh sé réasúnaithe agus beidh sé faoi réir an chirt achomharc a dhéanamh os comhair binse.
|
|
Airteagal 67 5.
|
I bhfeidhmiú a gcumhachtaí faoin gcéad fhomhír de mhír 1 agus faoi mhír 3, oibreoidh údaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh na torthaí arna saothrú leis an Rialachán seo ag teacht as na pionóis riaracháin agus na bearta eile agus déanfaidh siad a ngníomhaíocht a chomhordú chun dúbláil agus forluí féideartha a sheachaint, agus pionóis riaracháin agus bearta eile á gcur i bhfeidhm maidir le cásanna trasteorann.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R1238
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|