|
+Airteagal 68 2. |
Airteagal 68 2.Agus cineál agus leibhéal an phionóis riaracháin nó an bhirt eile a fhorchuirfear faoi Airteagal 67(3) á gcinneadh acu, déanfaidh údaráis inniúla na cúinsí ábhartha go léir a chur san áireamh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, iad seo a leanas:
(a)
ábharthacht, tromchúis agus fad an tsáraithe;
(b)
leibhéal freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;
(c)
acmhainn airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach, mar a léirítear go háirithe le láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó le hioncam bliantúil agus glansócmhainní an duine nádúrtha atá freagrach;
(d)
an tábhacht a bhaineann leis na brabúis a ghnóthaigh nó na caillteanais a sheachain an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
(e)
na caillteanais do thríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
(f)
►C1 leibhéal comhair an duine nádúrtha fhreagraigh nó an duine dhlítheanaigh fhreagraigh leis na húdaráis inniúla, ◄ gan dochar don ghá le haisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;
(g)
sáruithe roimhe sin ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|