+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 2 2
---+Airteagal 2 (1)
---+Airteagal 2 (2)
---+Airteagal 2 (3)
---+Airteagal 2 (4)
---+Airteagal 2 (5)
---+Airteagal 2 (6)
---+Airteagal 2 (7)
---+Airteagal 2 (8)
---+Airteagal 2 (9)
---+Airteagal 2 (10)
---+Airteagal 2 (11)
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2024/1624.
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 2
|
Tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:
|
|
Airteagal 2 (1)
|
ciallaíonn ‘maoirseoir airgeadais’ maoirseoir atá i gceannas ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais;
|
|
Airteagal 2 (2)
|
ciallaíonn ‘maoirseoir seach-airgeadais’ maoirseoir atá i gceannas ar an earnáil seach-airgeadais;
|
|
Airteagal 2 (3)
|
ciallaíonn ‘earnáil seach-airgeadais’ na heintitis faoi oibleagáid a liostaítear in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (AE) 2024/1624;
|
|
Airteagal 2 (4)
|
ciallaíonn ‘eintiteas faoi oibleagáid’ duine nádúrtha nó dlítheanach a liostaítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2024/1624 nach bhfuil díolmhaithe i gcomhréir le hAirteagail 4, 5, 6 nó 7 den Rialachán sin;
|
|
Airteagal 2 (5)
|
ciallaíonn ‘Ballstát baile’ an Ballstát ina bhfuil oifig chláraithe an eintitis faoi oibleagáid lonnaithe nó, mura bhfuil oifig chláraithe ag an eintiteas faoi oibleagáid, an Ballstát ina bhfuil a cheannoifig lonnaithe;
|
|
Airteagal 2 (6)
|
ciallaíonn ‘Ballstát óstach’ Ballstát seachas an Ballstát baile, ina n-oibríonn an t-eintiteas faoi oibleagáid bunaíocht, amhail fochuideachta nó brainse, nó ina n-oibríonn an t-eintiteas faoi oibleagáid faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar trí bhonneagar.
|
|
Airteagal 2 (7)
|
ciallaíonn ‘údaráis chustaim’ na húdaráis chustaim mar a shainmhínítear in Airteagal 5, pointe (1), de Rialachán (AE) 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34) agus na húdaráis inniúla mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (g), de Rialachán (AE) 2018/1672 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35);
|
|
Airteagal 2 (8)
|
ciallaíonn ‘coláiste maoirseachta AML/CFT’ struchtúr buan le haghaidh comhar agus comhroinnt faisnéise chun maoirseacht a dhéanamh ar ghrúpa nó eintiteas a oibríonn i mBallstát óstach nó i dtríú tír;
|
|
Airteagal 2 (9)
|
ciallaíonn ‘dréachtbheart náisiúnta’ téacs gnímh, cibé foirm atá aige, a mbeidh éifeacht dhlíthiúil aige a luaithe a achtófar é, agus an téacs á ullmhú ag céim ullmhúcháin ina bhféadfar leasuithe substaintiúla a dhéanamh fós;
|
|
Airteagal 2 (10)
|
ciallaíonn ‘cuntas urrús’ cuntas urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (28), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36);
|
|
Airteagal 2 (11)
|
ciallaíonn ‘urrúis’ ionstraimí airgeadais mar a shainmhínítear iad in Airteagal 4(1), pointe (15), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1640
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|