7. I gcás ina mbeidh forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2015/849 curtha i bhfeidhm cheana féin ag na Ballstáit an 9 Iúil 2024 maidir le hearnálacha eile seachas eintitis faoi oibleagáid, féadfaidh siad Rialachán (AE) 2024/1624, a chur i bhfeidhm ina iomláine, nó cuid de, a chur i bhfeidhm maidir leis na hearnálacha sin.
Faoin 10 Eanáir 2028, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na hearnálacha arna sainaithint ar an leibhéal náisiúnta de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo a bhfuil feidhm ag ceanglais Rialachán (AE) 2024/1624 ina leith, agus tabharfaidh siad bonn cirt maidir le neamhchosaint na n-earnálacha sin ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta. Laistigh de 6 mhí ón bhfógra sin a fháil, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le AMLA, tuairim mhionsonraithe a eisiúint de bhun mhír 4. I gcás ina measann an Coimisiún nach iomchuí gníomhaíocht a mholadh ar leibhéal an Aontais, beidh feidhm ag mír 5.