+Airteagal 3 Earnálacha neamhchosanta a shainaithint ar an leibhéal náisiúnta
---+Airteagal 3 1
---+Airteagal 3 2
---+Airteagal 3 3
---+Airteagal 3 4
---+Airteagal 3 5
---+Airteagal 3 6
---+Airteagal 3 7
---+Airteagal 3 8
|
Airteagal 3 Earnálacha neamhchosanta a shainaithint ar an leibhéal náisiúnta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1
|
1. I gcás ina sainaithníonn Ballstát go bhfuil, sa bhreis ar eintitis faoi oibleagáid, eintitis in earnálacha eile neamhchosanta ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh Rialachán (AE) 2024/1624 a chur i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach maidir leis na heintitis bhreise sin.
|
|
Airteagal 3 2
|
2. Chun críocha mhír 1, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún go bhfuil sé ar intinn acu Rialachán (AE) 2024/1624 a chur i bhfeidhm ina iomláine nó cuid de a chur i bhfeidhm maidir le heintitis in earnálacha eile. Beidh an méid seo a leanas ag gabháil le fógra den sórt sin:
|
(a)
|
bonn cirt leis na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta atá mar bhonn taca leis an rún sin;
|
|
(b)
|
measúnú ar an tionchar a bheidh ag cur i bhfeidhm den sórt sin ar sholáthar seirbhísí laistigh den mhargadh inmheánach;
|
|
(c)
|
ceanglais Rialachán (AE) 2024/1624 a bhfuil sé ar intinn ag an mBallstát iad a chur i bhfeidhm maidir leis na heintitis sin;
|
|
(d)
|
téacs na ndréachtbheart náisiúnta, chomh maith le haon nuashonrú orthu, i gcás ina bhfuil athrú suntasach déanta ag an mBallstát ar raon feidhme, ábhar nó cur chun feidhme na mbeart sin ar tugadh fógra ina leith.
|
|
|
Airteagal 3 3
|
3. Cuirfidh na Ballstáit glacadh na mbeart náisiúnta, siar ar feadh 6 mhí ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 2.
Ní bheidh feidhm ag an gcur siar dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcásanna ina bhfuil an beart náisiúnta dírithe ar aghaidh a thabhairt ar bhagairt thromchúiseach láithreach sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta. Sa chás sin, beidh réasúnú ag gabháil leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 2 maidir leis an bhfáth nach gcuirfidh an Ballstát a ghlacadh siar.
|
|
Airteagal 3 4
|
4. Roimh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta arna bhunú le Rialachán (AE) 2024/1620 (AMLA) tuairim mhionsonraithe a eisiúint i dtaobh na ngnéithe seo a leanas den bheart atá á bheartú:
|
(a)
|
an bhfuil sé leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a sainaithníodh, go háirithe a mhéid a bhaineann na rioscaí arna sainaithint ag an mBallstát leis an margadh inmheánach;
|
|
(b)
|
an bhféadfadh sé bacainní a chur ar shaorghluaiseacht seirbhísí nó caipitil nó ar shaoirse bunaíochta soláthraithe seirbhíse laistigh den mhargadh inmheánach nach bhfuil comhréireach leis na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, arb é is aidhm don bheart iad a mhaolú.
|
Leis an tuairim mhionsonraithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, léireofar freisin an bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún gníomhaíocht a mholadh ar leibhéal an Aontais.
|
|
Airteagal 3 5
|
5. I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach iomchuí gníomhaíocht a mholadh ar leibhéal an Aontais, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann, laistigh de 2 mhí tar éis dó an tuairim mhionsonraithe dá dtagraítear i mír 4 a fháil, tuarascáil a chur chuig an gCoimisiún maidir leis an ngníomhaíocht atá beartaithe aige ina leith.. Déanfaidh an Coimisiún trácht ar an ngníomhaíocht arna moladh ag an mBallstát.
|
|
Airteagal 3 6
|
6. I gcás ina léireoidh an Coimisiún go bhfuil sé ar intinn aige gníomhaíocht a mholadh ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le mír 4, an dara fomhír, staonfaidh an Ballstát lena mbaineann ó na bearta náisiúnta dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), a ghlacadh, mura bhfuil sé d’aidhm ag na bearta náisiúnta sin aghaidh a thabhairt ar bhagairt thromchúiseach láithreach sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta.
|
|
Airteagal 3 7
|
7. I gcás ina mbeidh forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2015/849 curtha i bhfeidhm cheana féin ag na Ballstáit an 9 Iúil 2024 maidir le hearnálacha eile seachas eintitis faoi oibleagáid, féadfaidh siad Rialachán (AE) 2024/1624, a chur i bhfeidhm ina iomláine, nó cuid de, a chur i bhfeidhm maidir leis na hearnálacha sin.
Faoin 10 Eanáir 2028, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na hearnálacha arna sainaithint ar an leibhéal náisiúnta de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo a bhfuil feidhm ag ceanglais Rialachán (AE) 2024/1624 ina leith, agus tabharfaidh siad bonn cirt maidir le neamhchosaint na n-earnálacha sin ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta. Laistigh de 6 mhí ón bhfógra sin a fháil, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le AMLA, tuairim mhionsonraithe a eisiúint de bhun mhír 4. I gcás ina measann an Coimisiún nach iomchuí gníomhaíocht a mholadh ar leibhéal an Aontais, beidh feidhm ag mír 5.
|
|
Airteagal 3 8
|
8. Faoin 10 Iúil 2028 agus gach bliain ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite de na hearnálacha ar chinn na Ballstáit Rialachán (AE) 2024/1624 a chur i bhfeidhm ina iomláine maidir leo nó cuid de a chur i bhfeidhm maidir leo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1640
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|