3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh eintitis faoi oibleagáid seachas iad siúd dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 faoi réir íoscheanglais chlárúcháin a chuireann ar chumas maoirseoirí iad a shainaithint.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina mbeidh na heintitis faoi oibleagáid seachas iad siúd dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 faoi réir ceanglais cheadúnúcháin nó chlárúcháin faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais, nó faoi réir rialacha náisiúnta lena rialáiltear rochtain ar an ngairm nó lena gcuirtear faoi réir ceanglais cheadúnúcháin nó chlárúcháin í agus lena gcuirtear ar chumas maoirseoirí a shainaithint.