5. Faoin 10 Iúil 2030 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, eiseoidh AMLA, i gcomhréir le hAirteagal 55 de Rialachán (AE) 2024/1620, tuairim don Choimisiún maidir leis na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a bhfuil éifeacht acu ar an Aontas. Féadfaidh AMLA tuairimí nó nuashonruithe ar a thuairimí roimhe sin a eisiúint níos minice ná sin, i gcás ina measann sé gurb iomchuí déanamh amhlaidh. Na tuairimí arna n-eisiúint ag AMLA cuirfear ar fáil go poiblí iad, seachas na codanna sin ina bhfuil faisnéis rúnaicmithe.