6. Cuirfidh na Ballstáit torthaí a measúnuithe riosca náisiúnta, lena n-áirítear nuashonruithe agus athbhreithnithe, ar fáil don Choimisiún, do AMLA agus do na Ballstáit eile. Féadfaidh Ballstát faisnéis ábhartha bhreise a sholáthar, i gcás inarb iomchuí, don Bhallstát a bhfuil an measúnú riosca náisiúnta á dhéanamh aige. Cuirfear achoimre ar thorthaí an mheasúnaithe ar fáil go poiblí. Ní bheidh faisnéis rúnaicmithe san achoimre sin. Aon doiciméad a scaipfear nó a chuirfear ar fáil don phobal de bhun na míre seo, ní bheidh aon fhaisnéis ann lena gceadaítear aon duine nádúrtha a shainaithint nó aon duine dlítheanach a ainmniú ann.