+Airteagal 9 2
|
Airteagal 9 2
2. Áireofar an méid seo a leanas sa staidreamh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo:
|
(a)
|
sonraí lena dtomhaistear méid agus tábhacht na n-earnálacha éagsúla a thagann laistigh de raon feidhme na Treorach seo, lena n-áirítear líon na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha agus tábhacht eacnamaíoch gach earnála;
|
|
(b)
|
sonraí lena ndéantar céimeanna tuairiscithe, imscrúdaithe agus breithiúnacha an chórais AML/CFT náisiúnta a thomhas, lena n-áirítear líon na dtuairiscí ar idirbhearta amhrasacha a thugtar don FIU, an obair leantach ar na tuairiscí sin, an fhaisnéis maidir le haistrithe fisiceacha airgid thirim arna gcur faoi bhráid FIU i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/1672 mar aon leis an obair leantach a dhéantar ar an bhfaisnéis arna tabhairt agus, ar bhonn bliantúil, líon na gcásanna a imscrúdaítear, líon na ndaoine a ionchúisítear, líon na ndaoine a chiontaítear i gcionta sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, na cineálacha cionta preideacáide arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38), i gcás ina mbeidh faisnéis den sórt sin ar fáil, agus luach na maoine, arna leagan amach in euro, a rinneadh a reo, a urghabháil nó a choigistiú;
|
|
(c)
|
líon agus céatadán na dtuairiscí ar idirbhearta amhrasacha a rinneadh a scaipeadh chuig údaráis inniúla eile agus, má tá fáil orthu, líon agus céatadán na dtuairiscí a ndearnadh imscrúdú breise mar thoradh orthu, mar aon leis an tuarascáil bhliantúil arna tarraingt suas ag na FIUnna de bhun Airteagal 27;
|
|
(d)
|
sonraí maidir le líon na n-iarrataí trasteorann ar fhaisnéis a rinne, a fuair agus a dhiúltaigh an FIU agus a d’fhreagair sé go páirteach nó go hiomlán, arna miondealú de réir thír an chontrapháirtí;
|
|
(e)
|
líon na n-iarrataí ar chúnamh dlíthiúil frithpháirteach nó na n-iarrataí idirnáisiúnta eile ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil agus faisnéis maidir le cuntais bhainc dá dtagraítear i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2024/1624 agus i Ranna 1 agus 2 de Chaibidil II den Treoir seo a fuarthas ó chontrapháirtithe lasmuigh den Aontas nó a cuireadh chuig na contrapháirtithe sin, arna miondealú de réir údarás inniúil agus tír an chontrapháirtí;
|
|
(f)
|
na hacmhainní daonna arna leithdháileadh ar na maoirseoirí chomh maith le hacmhainní daonna arna leithdháileadh ar an FIU chun na cúraimí a shonraítear in Airteagal 19 a dhéanamh;
|
|
(g)
|
líon na ngníomhaíochtaí maoirseachta ar an láthair agus lasmuigh den láthair, líon na sáruithe a sainaithníodh ar bhonn gníomhaíochtaí maoirseachta agus smachtbhannaí airgid agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a forchuireadh nó bearta riaracháin a chuir na húdaráis mhaoirseachta agus na comhlachtaí féinrialála i bhfeidhm de bhun Roinn 4 de Chaibidil IV;
|
|
(h)
|
líon agus cineál na sáruithe arna sainaithint i ndáil le hoibleagáidí Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2024/1624 agus smachtbhannaí airgid a forchuireadh nó bearta riaracháin a cuireadh i bhfeidhm maidir leis na sáruithe sin, líon na neamhréireachtaí a tuairiscíodh don chlár lárnach dá dtagraítear in Airteagal 10 den Treoir seo, chomh maith le líon na seiceálacha a rinne an t-eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach nó a rinneadh thar a cheann de bhun Airteagal 10(11) den Treoir seo;
|
|
(i)
|
an fhaisnéis seo a leanas maidir le cur chun feidhme Airteagal 12:
|
(i)
|
líon na n-iarrataí ar rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil i gcláir lárnacha ar bhonn na gcatagóirí a leagtar síos in Airteagal 12(2);
|
|
(ii)
|
céatadán na n-iarrataí ar rochtain ar fhaisnéis a diúltaíodh faoi gach catagóir a leagtar síos in Airteagal 12(2);
|
|
(iii)
|
achoimre ar na catagóirí daoine ar deonaíodh rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil dóibh faoi Airteagal 12(2), an dara fomhír;
|
|
|
(j)
|
líon na gcuardach ar chláir cuntas bainc nó ar shásraí aisghabhála sonraí arna ndéanamh ag údaráis inniúla, arna miondealú de réir chatagóir an údaráis inniúil, agus líon na gcuardach a rinne FIUnna agus na húdaráis maoirseachta ar idirnascadh na gclár cuntas bainc;
|
|
(k)
|
na sonraí seo a leanas maidir le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur chun feidhme:
|
(i)
|
luach na gcistí nó na sócmhainní eile a reodh, arna mhiondealú de réir cineáil;
|
|
(ii)
|
na hacmhainní daonna arna leithdháileadh ar údaráis atá inniúil chun smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú.
|
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1640
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|